Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

News & Events

2024 ILBF DIGITAL & AUDIO CONTENT CALL



Date Posted: June 19, 2024

The ILBF is welcoming applications for the development and production of digital and audio content.

DIGITAL CONTENT

Applications are welcomed for a range of new and additional digital content to sit on existing platforms, that can demonstrate a wide reach to the target audience, or be marketed to the target audience, including but not limited to broadcaster platforms.

We welcome applications for the development or the production of any genre of content, but it should not duplicate existing Irish-language digital content.

In particular, we welcome:

  • content that complements existing Irish-language television or radio programming.
  • content that is targeted at adult learners of Irish.
  • content that supports the delivery of Irish-medium curricula at preschool, primary and post-primary level.
  • content that supports the Irish-language curricula in schools outside of the Irish-medium sector.
  • content that supports parents/guardians/carers of pupils attending Irish-medium education or studying Irish in schools outside of the Irish-medium sector, who may have limited understanding of the language themselves.

Potential content could include, but is not limited to:

  • The development of interactive numeracy/mathematics resources, including games and apps.
  • Interactive/Digital resources focussing on the World Around Us.
  • The extension of the CCEA Snas & Blas digital series approach to other academic subjects such as History and Geography.
  • Interactive resources that can be used in class or independently at home along the lines of models available for other modern languages, eg métro électro for French.
  • Interactive/online resources for A Level literature.
  • Animating existing books or making them interactive, with easy to follow, age-appropriate, recorded text.

A comprehensive list of existing gaps in educational resources from Comhairle na Gaelscolaíochta is available here.  Please note, however, that the ILBF can only support the development/production of moving image and interactive content.

It is recommended that proposals for primary and secondary school content are discussed with relevant stakeholders including CCEA and an tÁisaonad to ensure compliance with curricular requirements and good practice, and to avoid duplication. Similarly, proposals for preschool content should be discussed with Altram to ensure compliance with the needs of the preschool sector curriculum. Proposals for parental resources should ideally complement and support preschool and school curricula.  Proposals should also include details of a proposed educational advisor/practitioner who would provide the necessary advice and support during the production.

AUDIO CONTENT

Applications are welcomed for Irish language audio content that could be broadcast on radio stations that are freely available to an NI audience and also, for independently-hosted podcasts that can demonstrate a wide reach of the target audience.

Any genres of content will be considered; however, we would particularly welcome:

  • radio drama
  • specialist factual/documentary
  • comedy
  • content that would complement existing or planned Irish-language television programming, this could include repackaging of television content.
  • audio books

For independently-hosted podcasts, applicants should provide details of the podcast platform and how the content would be marketed to the target audience.

For specific genres of content and slot detail for audio and digital content on BBC Gaeilge, please read their guidelines here.

For specific genres of content and slot detail for audio and digital content on RTÉ Raidió na Gaeltachta, please read their guidelines here.

As with all ILBF-funded content, we welcome content that ensures prominence of the Ulster dialect, geography, history, society and culture.  A minimum of 75% of the spoken word must be in the Irish language.

 

To discuss a potential application please email [email protected] or [email protected]

Deadline for receipt of applications to the ILBF is 5pm on Friday 23rd of August and applications can be made here.

Please note BBC Gaeilge’s internal deadlines ahead of this:

Submission date for BBC Gaeilge: Thursday 18th July 2024

Shortlist announced by BBC Gaeilge: Tuesday 30th July 2024

Pitching to BBC Gaeilge: Thursday 8th August 2024

Submission date for RTÉ: Friday 26th July 2024

 

GAIRM CCG AR ÁBHAR DIGITEACH AGUS FUAIME

Tá an CCG ag fáiltiú roimh iarratais ar fhorbairt agus táirgeadh ábhar digiteach agus fuaime.

 

ÁBHAR DIGITEACH

Cuirtear fáilte roimh iarratais faoi choinne réimse d’ábhar digiteach úr agus breise le suí ar ardáin reatha a dtig leo éileamh leathan a léiriú ón sprioclucht féachana/éisteachta nó ar féidir iad a chur i láthair mhargadh an sprioclucht féachana/éisteachta, lena n-áirítear, gan a bheith teoranta dóibh, ardáin craoltóirí.

Fáiltímid roimh iarratais ar fhorbairt nó táirgeadh seánra ábhair ar bith, ach níor chóir gur dhúbláil é ar ábhar digiteach Gaeilge atá ann cheana.

Cuirimid fáilte ar leith roimh:

  • ábhar a thagann go maith le cláir theilifíse nó raidió atá ar fáil cheana.
  • ábhar atá dírithe ar dhaoine fásta atá ag foghlaim na Gaeilge.
  • ábhar a thacaíonn le seachadadh churaclaim na Gaelscolaíochta ag leibhéil na réamhscolaíochta, bunscolaíochta agus na hiar-bhunscolaíochta.
  • ábhar a thacaíonn le seachadadh churaclaim na Gaeilge i scoileanna nach bhfuil in earnáil na Gaelscolaíochta.
  • ábhar a thacaíonn le tuismitheoirí/caomhnóirí/cúramóirí daltaí atá ag freastal ar Ghaelscoil nó atá ag déanamh staidéir ar an Ghaeilge i scoileanna nach Gaelscoileanna iad a bhféadfadh tuiscint theoranta a bheith acu féin ar an Ghaeilge.

D’fhéadfadh sé go n-áireofaí le hábhar féideartha scoile, gan a bheith teoranta dó:

  • Forbairt acmhainní idirghníomhacha bunaithe ar uimhirtheacht/matamaitice, lena n-áirítear cluichí agus aipeanna.
  • Acmhainní idirghníomhacha/digiteacha bunaithe ar An Domhan Thart Orainn.
  • Síneadh chur chuige shraith dhigiteach Snas & Blas CCSM le go gcuimseofaí ábhair acadúla eile ar nós na Staire agus na Tíreolaíochta.
  • Áiseanna idirghníomhacha ar féidir iad a úsáid sa rang nó go neamhspleách sa bhaile dála a bhfuil ar fáil do nuatheangacha eile, m.sh. métro électro don Fhraincis.
  • Áiseanna tacaíochta don Litríocht ag A-leibhéal.
  • Leabhair atá ar fáil cheana a bheochan nó a dhéanamh idirghníomhach ina mbeadh téacs soléite, aoisoiriúnach, taifeadta.

Tá liosta cuimsitheach de mholtaí do sholáthar áiseanna ó Comhairle na Gaelscolaíochta ar fáil anseo.  Ach, tabhair faoi deara nach dtig leis an CCG tacú ach le forbairt/léiriú ábhar físe agus ábhar idirghníomhach. féin.

Moltar go bpléifear le páirtithe leasmhara lena n-áirítear CCSM agus an tÁisaonad moltaí maidir le hábhar bunscolaíochta agus iar-bhunscolaíochta lena chinntiú go gcomhlíonann siad riachtanais agus dea-chleachtais na gcuraclam agus le dúbláil a sheachaint. Ar an dóigh chéanna, ba chóir moltaí faoi choinne ábhar réamhscolaíochta a phlé le Altram lena chinntiú go gcomhlíonann siad riachtanais churaclaim earnáil na réamhscolaíochta. Go hidéalach, ba chóir moltaí faoi choinne áiseanna do thuismitheoirí a bheith ag tacú agus ag teacht go maith le curaclaim na réamhscolaíochta agus na scoileanna. Ba chóir go n-áireofaí i moltaí freisin sonraí faoi chomhairleoir/cleachtóir oideachais molta a sholáthródh an chomhairle agus an tacaíocht riachtanach le linn an léiriúcháin.

 

Ábhar Fuaime

Cuirtear fáilte roimh iarratais faoi choinne ábhar fuaime Gaeilge a d’fhéadfaí a chraoladh ar stáisiúin raidió atá ar fáil saor in aisce do lucht éisteachta in TÉ agus, lena chois, do phodchraoltaí a óstáiltear go neamhspleách agus a dtig leo a léiriú go bhfuil sprioclucht éisteachta leathan acu.

Déanfar seánra ábhar ar bith a mheas ach chuirfimis fáilte ar leith roimh:

  • drámaíocht raidió
  • ábhar sainiúil fíorasach/faisnéise
  • coiméide
  • ábhar a bheadh ag teacht go maith le cláir theilifíse Ghaeilge atá ar fáil cheana féin nó atáthar a bheartú

I dtaca le podchraoltaí a óstáiltear go neamhspleách, ba chóir d’iarratasóirí mionsonraí a thabhairt faoin ardán podchraolta agus mar a dhéanfaí margaíocht ar an ábhar leis an sprioclucht éisteachta.

Maidir le seánraí sainiúla ábhair agus mionsonraí ar shliotáin ama faoi choinne ábhar fuaime agus digiteach ar BBC Gaeilge, léigh na treoirlínte anseo.

Maidir le seánraí sainiúla ábhair agus mionsonraí ar shliotáin ama faoi choinne ábhar fuaime agus digiteach ar RTÉ, léigh na treoirlínte anseo.

Dála an ábhair ar fad a mhaoiníonn CCG, fáiltímid roimh ábhar ina gcinntítear tús áite do chanúint, tíreolaíocht, stair, sochaí agus cultúr Uladh. Is gá íosmhéid 75% den teanga labhartha a bheith i nGaeilge.

 

Le hiarratas féideartha a phlé, seol r-phost chuig [email protected] nó [email protected]

 

Is é an spriocdháta le hiarratais a fháil, 5pm Aoine 23ú Lúnasa agus is féidir iarratas a dhéanamh anseo

Tabhair faoi deara spriocdhátaí inmheánacha BBC agus RTÉ roimhe seo:

Sprioc na nIarratas do BBC Gaeilge: Déardaoin 18ú Iúil 2024

Gearrliosta fógartha ag BBC Gaeilge: Máirt 30ú Iúil 2024

Seisiún pitseála le BBC Gaeilge: Déardaoin 8ú Lúnasa 2024

Sprioc na nIarratas do RTÉ : 17.00 Dé hAoine, an 26ú Iúil 2024

© 2024 Northern Ireland Screen. All Rights Reserved