ILBF Training Opportunities
DEIS MAR CHÚNTÓIR LÉIRIÚCHÁIN FAOI OILIÚINT
(AP FAOI OILIÚINT)
Tá Northern Visions/NVTV ag lorg iarratais ó dhaoine le líofacht sa Ghaeilge agus ar a laghad 12 mhí taithí i léiriúchán teilifíse (faoi dheireadh mhí Lúnasa 2025) do ról lánaimseartha mar Léiritheoir Cúnta faoi Oiliúint (Trainee AP).
Tá an post seo páirt‑mhaoinithe ag an Chiste Craoltóireachta Gaeilge de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann agus mairfidh sé ó Mhí Mheán Fómhair 2025 go dtí Mí Lúnasa 2026, bunaithe inár stiúideo i mBéal Feirste.
Is deis iontach é seo do dhuine atá paiseanta faoi mheáin Ghaeilge le taithí phraiticiúil a fháil i léiriúchán teilifíse i dtimpeallacht chruthaitheach, fhuinniúil agus thacúil.
Príomh‑Freagrachtaí:
- Rannchuidiú le gach céim den phróiseas léiriúcháin
- Smaointe nua do chláir i nGaeilge a fhorbairt
- Taighde, scriptiú, agus cúnamh le lámhach agus eagarthóireacht
- Tacú leis an fhoireann léiriúcháin ó lá go lá
- Obair chomhpháirteach i dtimpeallacht chruthaitheach atá gasta agus dinimiciúil
Riachtanais Riachtanacha:
- Ar a laghad 12 mhí taithí phraiticiúil i léiriúchán teilifíse
- Gaeilge líofa (labhartha agus scríofa)
- Scileanna láidre foirne, cumarsáide agus eagair
- Spéis láidir i scéalaíocht agus i gcruthú ábhair
Riachtanais Inmhianaithe:
- Céim tríú leibhéal i réimse na meán (m.sh. Léiriúchán Meán, Iriseoireacht)
Cuireann an post seo slí iontach ar fáil le dul isteach i dtionscal na meán, earnáil atá ag fás agus a chuireann deiseanna fostaíochta den scoth ar fáil do chruthaitheoirí cumasacha le Gaeilge.
Conas Iarratas a Dhéanamh:
Seol chugainn:
• CV cothrom le dáta, agus
• Litir chumhdaigh (i mBéarla agus i nGaeilge) ag míniú do spéis sa phost
chuig: [email protected]
Spriocdháta d’iarratais: 5pm, Dé Luain 11ú Lúnasa 2025
Agallaimh: Le tarlú i rith na seachtaine dar tús 18 Lúnasa 2025
Tá Northern Visions/NVTV tiomanta do lucht oibre atá éagsúil ó thaobh cultúir de a chothú agus spreagann muid iarratais ó dhaoine atá tearcionadaithe sa tionscal scannán agus teilifíse.
Tuilleadh eolais: [email protected]
Trainee Assistant Producer (AP) Opportunity
Northern Visions/NVTV is seeking applications from fluent Irish speakers with at least 12 months’ experience in television production (12 months by the end of August 2025) for a full-time Trainee Assistant Producer (AP) position.
This role is part-funded by Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund and will run from September 2025 to August 2026, based at our Belfast studios.
This is an exciting opportunity for someone passionate about Irish-language media to gain hands-on experience in television production in a dynamic, supportive environment.
Key Responsibilities:
- Contributing to all stages of the production process
- Developing original programme ideas for Irish-language content
- Researching, scripting, assisting with shooting and editing
- Supporting the production team in day-to-day tasks
- Working collaboratively in a fast-paced, creative environment
Essential Criteria:
- Minimum 12 months’ practical experience in television production
- Fluent Irish (spoken and written)
- Strong teamwork, communication, and organisational skills
- A passion for storytelling and content creation
Desirable Criteria
- A third-level qualification in a media (e.g. Media Production, Journalism)
This position offers an excellent pathway into the screen industry, which continues to offer strong employment prospects for skilled creatives with Irish-language proficiency.
To apply please send:
- An up-to-date CV, and
- A covering letter (in both English and Irish) explaining your interest in the role
Application deadline: 5pm, Monday 11th August 2025
Interviews: Week commencing 18th August 2025
Northern Visions/NVTV is committed to building a culturally diverse workforce and strongly encourages applications from individuals who are under-represented in the film and television industry.
For further information, please contact: [email protected]
Ról mar Léiritheoir Cúnta faoi Oiliúint
Áit: Macha Media (Ard Mhacha) / Cianobair
Conradh: Bliain amháin (lánaimseartha)
Riachtanais Teanga: Líofacht sa Ghaeilge agus sa Bhéarla
Tá Macha Media ar lorg Léiritheoir Cúnta faoi Oiliúint le bheith mar chuid den fhoireann. Is conradh bliana é seo, agus is féidir go gcuirfear síneadh leis. Is comhlacht léiriúcháin é Macha Media a chruthaíonn ábhar Gaeilge ar ardchaighdeán don teilifís, don raidió agus d’ardáin dhigiteacha. Tá muid tiomanta do scéalta suimiúla a insint, scéalta a dhéanann céiliúradh ar chultúr, ar stair agus ar shaol chomhaimseartha na hÉireann, do lucht féachana in Éirinn agus ar fud an domhain. Déanfar an ról seo a mhaoiniú i gcomhpháirt le Ciste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann.
Cur síos ar an Phost
Cuideoidh an té a cheapfar leis an léiritheoir agus an stiúrthóir i bhforbairt, i bpleanáil agus i léiriú ábhar Gaeilge i réimse seanráí difriúla, cláir faisnéise, drámaí, cláir fíorasacha agus cláir siamsaíochta ina measc. Is riachtanach scileanna cumarsáide den scoth don phost seo, idir Ghaeilge agus Bhéarla, chomh maith le scileanna taighde d’ardchaighdeán, agus suim ar leith sa scéalaíocht agus san obair riaracháin a thagann le léiriúchán.
Príomh-fhreagrachtaí:
- Réamhléiriúchán
- Cuidiú le forbairt na gclár, forbairt scripteanna agus ábhar taighde, chomh maith le riachtanais chruthaitheachta agus riaracháin.
- Ullmhúcháin agus socrúcháin a dhéanamh d’agallaimh.
- Léirúchán:
- Tacú le siútanna ar an láthair agus sa stiúideo le próiseas leiriúcháin éifeachtúil a chruthú.
- Cuidiú le roghnú rannpháirtithe, le láthair scannánaíochta a aimsiú agus le ceadúnais chuí a fháil.
- Monatóireacht a dhéanamh ar leanúnachas agus ar fhíricí, agus cloí le hamlíntí léiriúcháin.
- Iarléiriúchán
- Aiseolas a thabhairt ar scanstoc.
- Eagarthóireacht gharbh a dhéanamh ar chláir.
- A bheith ag obair leis an fhoireann iarléiriúcháin le haschur d’ardchaighdeán a chinntiú.
- Tacú le fótheidealú, le haistriúcháin, agus le heagarthóireacht scripteanna i nGaeilge agus i mBéarla.
- Eagrú páipéarachais léiriúcháin, foirmeacha scaoilte, agus foirmeacha comhlíonta.
- Glacadh le ról lárnach i margaíocht agus bhfógraíocht na gclár ar líne.
Scileanna agus táithí riachtanacha:
Ba chóir go mbeadh na scileanna seo a leanas ag an té a cheapfar:
- Líofacht sa Ghaeilge agus sa Bhéarla (scríofa agus labhartha)
- Táithí bliana ar a laghad san earnáil léiriúcháin teilifíse, ráidió nó meáin digiteacha. (b’fhearr dhá bhliain).
- Scileanna láidre taighde, scríbhneoireachta agus scéalaíochta.
- An cumas le tascanna, spriocdhátaí agus tosaíochtaí a bhainistiú i dtimpeallacht ghnóthach, agus na tascanna uilig a dhéanamh ar ardchaighdeán le cúrám ar leith ar na mionsonraí.
- Scileanna ullmhúcháin agus riaracháin den chéad scoth.
- Paisean d’earnáil na meán Gaeilge agus don scéalaíocht.
- Táithí i léiriúchán stiúideo.
- Bunscileanna eagarthóireachta nó táithí i mbainistiú léiriúcháin.
Cuirfidh an té faoi oiliúint lena gcuid scileanna ina gcuid oibre thar réimse leathan de léiriúcháin Ghaeilge.
Le hiarratas a dhéanamh caithfídh CV reatha agus litir chlúdaigh, trí Ghaeilge agus trí Bhéarla, ag míniú an fáth a bhfuil dúil agat sa phost seo, a sheoladh chuig [email protected]
Tá Macha Media go mór i bhfách le foireann oibre ilchultúrtha a chruthú, agus fáiltíonn muid roimh iarratais ó dhaoine as grúpaí faoi ghannionadaíocht san earnáil scannáin agus teilifíse.
Spriocdháta: Dé hAoine 8ú Lúnasa 2025
Mar eolas, reáchtálfar na hagallaimh taobh istigh de choicís ón spriocdháta.
Le tuilleadh eolais a fháil, gabh i dteagmháil le [email protected]
Trainee Assistant Producer Role
Location: Macha Media (Armagh) / Work from Home
Contract: One year (Full Time)
Language Requirements: Fluency in Irish (Gaeilge) and English
Macha Media is seeking a one-year full-time Trainee Assistant Producer to join their team, with the potential for an extension. Macha Media is a leading production company specialising in high-quality Irish-language content for television, radio and digital platforms. We are dedicated to telling compelling stories that celebrate Irish culture, history, and contemporary life, reaching audiences in Ireland and around the world. This position will be part-supported by Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund.
Role Overview
The successful candidate will support the Producer and Director in developing, planning, and executing Irish-language content across various genres, including documentaries, drama, factual, and entertainment. This role requires excellent communication skills in Gaeilge and English, strong research abilities, and a keen interest in storytelling and production logistics.
Key Responsibilities
- Pre-Production:
- Assist in developing programme concepts, scripts, and research materials and the creative and logistical needs.
- Preparing and planning interviews and contribute to script development.
- Production:
- Support on-location and studio shoots, ensuring smooth production flow.
- Assist with casting, location recce’s, and licensing as needed.
- Monitor continuity, fact-checking, and adherence to production timelines.
- Post-Production:
- Assist in reviewing footage and providing feedback on edits.
- Completing rough cut edits.
- Work closely with the post-production team to ensure high-quality outputs.
- Support subtitling, translations, and script editing in both Irish and English.
- Organise production paperwork, release forms, and compliance documents.
- Lead marketing and social media promotion of productions.
Key Skills & Experience Required
- Fluency in Irish (Gaeilge) and English (written and spoken).
- At least 1 year of experience in television, film, or digital media production (2 years preferred).
- Strong research, writing, and storytelling skills.
- Ability to manage multiple tasks, deadlines, and priorities in a fast-paced environment, but achieve all tasks to a high quality and maintain attention to detail.
- Strong organisational and administrative skills.
- Passion for Irish-language media and storytelling.
- Experience in studio production.
- Basic video editing or production management experience.
The trainee will develop their skills whilst working across a range of Irish language productions.
To apply, please send an up-to-date CV, with a covering letter detailing your interest in the position, in both Irish and English, to [email protected]
Macha Media is committed to building a culturally diverse workforce and welcome applications from individuals from groups who are under-represented in the Film and TV industry.
Application deadline: Friday 8th August 2025
Interviews will take place within two weeks of the closing date.
For further information please contact: [email protected]
POST MAR lÉIRITHEOIR CÚNTA FAOI OILIÚINT AR FÁIL
Tá Big Mountain ag cuardach iarratais ó dhaoine le Gaeilge líofa, le, ar a laghad, taithí bliana faighte acu i léiriúcháin teilifíse don phost mar léiritheoir cúnta faoi oiliúint le bheith ag forbairt agus ag obair ar léiriúcháin. Is post é seo lena dtacaíonn an Ciste Craoltóireachta Gaeilge de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann.
Post oiliúna lán-aimseartha a bhéas ann (Meán Fómhair 2025-Lúnasa 2026).
Tabhair do d’aire gur post obair chumaisc é seo, ach beidh ar an Léiritheoir Cúnta bheith ar suíomh/ sa stiúideo don ullmhú agus taifeadadh de réir mar is gá.
Beidh fáil ag an oiliúnaí a cheapfar a scileanna cuí a fhorbairt agus é/í ag plé le réimse leathan d’ábhair a bhaineann le léiriúcháin Ghaeilge.
Tá sé riachtanach go mbeidh na buanna seo a leanas ag an oiliúnaí a cheapfar:
- Gaeilge líofa
- Ar a laghad, taithí phraiticiúil bliana faighte aige/aici i léiriúcháin teilifíse
- In inmhe a bheith ag obair mar chuid d’fhoireann
- Scileanna eagraíochta agus scileanna cumarsáide den scoth
Is deis fostaíochta iontach é seo le bheith mar pháirt d’earnáil le neart ionchais fostaíochta. Le hiarratas a dhéanamh, ní mór CV reatha agus litir chlúdaigh, trí Ghaeilge agus trí Bhéarla, agus tideal an ról luaite i líne an ábhair chuig:
Tá Big Mountain tiomanta le foireann oibre a fhostú ina bhfuil éagsúlacht chultúrtha agus cuirtear fáilte roimh iarratais ó dhaoine as grúpaí faoi ghannionadaíocht san earnáil teilifíse.
Spriocdháta: 13ú Lúnasa 2025, 12 meán lae
Beidh na hagallaimh ar siúl ar an 19ú Lúnasa.
Má tá tuilleadh eolais uait, gabh i dteagmháil le: [email protected]
TRAINEE ASSISTANT PRODUCER OPPORTUNITY
Big Mountain is seeking applications from fluent Irish speakers with at least one years’ experience in television production for a position as Trainee Assistant Producer to work in development and on productions. This position will be part supported by Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund.
This full-time training position (September 2025 – August 2026)
Please note this is a hybrid working role. Though the AP will be required to be on location/in studio for set up and filming as required.
Trainees must have fluent Irish and at least one years of practical experience in television production. The successful candidate will thrive in a team environment and have excellent editorial and communication skills.
This is an excellent opportunity to join an industry which holds excellent employment prospects. To apply, please send an up to date CV, with covering letter detailing your interest in the position, in both Irish and English and stating the role in the subject line of the email to:-
Big Mountain is committed to building a culturally diverse workforce and welcome applications from individuals from groups who are under-represented in the Film and TV industry.
Application deadline: 13th August @ 12 noon.
Interviews will take place on the 19th of August.
For further information please contact: [email protected]
Explore our other training opportunities here.