Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

News & Events

Uan Uladh: Scéal Úna Ní Fhaircheallaigh



Date Posted: March 12, 2024

Uan Uladh: Scéal Úna Ní Fhaircheallaigh

TG4 Friday 15th March 8pm
YouTube Clip https://youtu.be/UWF-ZtdBOy8

Úna Ní Fhaircheallaigh was the first woman to write a novel in the Irish language, one of the first female scholars of Celtic studies and the first female Professor of Irish in UCD.  She was a leading member of the Gaelic League, an ardent campaigner for women’s rights in education and presided over the inaugural meeting of Cumann na mBan.  She was one of only two life Presidents of the Camogie Association, and was the founder of the prestigious Ashbourne Cup tournament, a national university third level camogie competition. But how many people have heard of her today?

In this film by Macha Media for TG4, with support from Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund, Clíodhna Ní Chorráin uncovers the story behind a remarkable visionary who strove to realise a utopian vision for Ireland.  A Gael, a feminist, an idealist, a woman whose legacy has impacted the lives of generations of Irish women, Úna’s activism has shaped the development of education, politics and sport across the island of Ireland.

Clíodhna Ní Chorráin explores the life and legacy of one of Ulster’s forgotten heroines – Úna Ní Fhaircheallaigh.  The programme takes its title from the pen name used by Ní Fhaircheallaigh, Uan Uladh (the Lamb of Ulster), but the Cavan woman was no lamb in her campaigning for women’s rights, education and for the restoration of the Irish language.

The documentary also looks at the political turmoil that engulfed Irish society in the early 20th century and its impact on Ní Fhaircheallaigh.   Popular cultural nationalism developed into political and physical force nationalism in the years before 1916. The Irish language movement itself became more militant.  As younger members of the Gaelic League demanded total independence from Britain, instead of the promised Home Rule, Úna and others of her generation became increasingly uncomfortable, and she eventually left the Gaelic League in 1916.

Uan Uladh: Scéal Úna Ní Fhaircheallaigh is on TG4 Friday the on 15th March 8pm. Images are available to download here https://we.tl/t-RQy5ulWOKw

 

Uan Uladh: Scéal Úna Ní Fhaircheallaigh

TG4 Dé hAoine an 15 Márta ag 8pm
YouTube https://youtu.be/UWF-ZtdBOy8

Ba í Úna Ní Fhaircheallaigh an chéad bhean riamh a scríobh úrscéal i nGaeilge, an chéad bhean léinn sa Léann Ceilteach agus an chéad bhean a bhí ina hOllamh le Gaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.  Bhí sí ina comhalta ceannais de Chonradh na Gaeilge, ina feachtasóir díograiseach do chearta na mban san oideachas agus bhí sí i gceannas ar an gcéad chruinniú de Chumann na mBan.  Bhí sí ar dhuine den dá Uachtarán saoil ar an gCumann Camógaíochta agus is í a bhunaigh Comórtas Chorn Chill Dhéagláin, comórtas mór le rá agus comórtas náisiúnta d’ollscoileanna tríú leibhéal sa chamógaíocht. Ach an méid sin ráite, cé mhéad duine a bhfuil eolas acu faoi Úna Ní Fhaircheallaigh sa lá atá inniu ann?

Sa scannán seo le Macha Media do TG4, agus le tacaíocht ó Chiste Craoltóireachta na Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann, nochtfaidh Clíodhna Ní Chorráin scéal na mná físiúla ar leith seo, a rinne a míle dícheall fís Útóipeach a bhaint amach d’Éirinn.   Fíor-Ghael, feimineach, idéalaí, bean a raibh tionchar ag a hoidhreacht ar shaol na nglúnta ban, mhúnlaigh gníomhaíochas Úna forbairt i gcúrsaí oideachais, polaitíochta agus spóirt ar fud Oileán na hÉireann.

Déanfaidh Clíodhna Ní Chorráin iniúchadh ar shaol agus ar oidhreacht duine de bhanlaochra Uladh atá ligthe i ndearmad – Úna Ní Fhaircheallaigh.  Ainmníodh an clár seo i ndiaidh an ainm cleite a d’úsáid Úna Ní Fhaircheallaigh, Uan Uladh (the Lamb of Ulster), ach níorbh aon uan a bhí i mbean an Chabháin le linn di a bheith i mbun stocaireachta do chearta agus d’oideachas na mban agus d’athbhunú na Gaeilge.

Caitear súil sa chlár faisnéise freisin ar chúrsaí polaitíochta a bhí achrannach agus a raibh sochaí na hÉireann báite iontu i dtús na 20ú haoise agus an tionchar a bhí ag an méid sin ar Úna Ní Fhaircheallaigh.   D’iompaigh an náisiúnachas cultúir a bhí coitianta isteach ina náisiúnachas polaitíochta agus náisiúnachas na láimhe láidre sna blianta roimh 1916. Fuair gluaiseacht na Gaeilge féin níos míleataí.  Agus comhaltaí óga Chonradh na Gaeilge ag éileamh neamhspleáchas iomlán ón mBreatain, seachas Rialtas Dúchais mar a bhí geallta, d’éirigh Úna agus daoine eile den ghlúin sin míchompordach agus ar deireadh thiar d’fhág sí Conradh na Gaeilge sa bhliain 1916.

Uan Uladh: Craolfar Scéal Úna Ní Fhaircheallaigh ar TG4 Dé hAoine an 15 Márta ag 8pm. Pictiúir ar fáil anseo https://we.tl/t-rzOS4EfjMd

© 2024 Northern Ireland Screen. All Rights Reserved