Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

News & Events

TG4 to premiere ‘Ceol na gCoillte’– A Transatlantic Musical Journey



Date Posted: October 24, 2024

October 27th at 21:30 on TG4 & TG4.ie

Ceol na gCoillte – YouTube

On Sunday October 27th TG4 will debut Ceol na gCoillte, an evocative and visually stunning feature documentary that unearths a hidden chapter in the intertwined histories of Ireland and Canada. Led by legendary Irish musician Dáithí Sproule, this documentary promises to captivate audiences with its exploration of Irish immigrants’ lasting cultural legacy in Canada.

Ceol na gCoillte was made possible with the support of Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund and the Canadian Media Fund, whose contributions helped bring this powerful transatlantic story to life.

At the heart of the documentary is the untold story of the Irish settlers who ventured into Canada’s vast pine forests in the early 1800s. Bringing with them their rich musical traditions, these immigrants profoundly influenced the cultural fabric of the regions they settled in across Canada. Ceol na gCoillte follows their journey, illustrating how the Irish spirit not only survived but thrived in this new and rugged world, reshaping the soundscape of Canada with a unique blend of Irish and Canadian folk music.

Dáithí Sproule, a master of the Ulster song tradition, retraces the steps of these early settlers, bringing their stories to life through music. His personal journey from Derry and Donegal to the logging camps of Canada forms the emotional core of the film, weaving together the past and present in a timeless narrative. The documentary features breathtaking performances from iconic musicians like Maighréad and Tríona Ní DhomhnaillNiall HannaYves Lambert, and Graham Wells, offering a fresh perspective on traditional songs that have transcended generations and borders.

Producer and Director Méabh O’Hare describes the making of Ceol na gCoillte as an extraordinary journey across Canada. The crew travelled extensively, uncovering incredible music traditions, musicians and history. Working with Dáithí Sproule, a legendary singer with a deep understanding of traditional song, was a highlight of the project and his knowledge and easy relatable manner, added a profound layer to the documentary. “We discovered how these incredible ties still remain with Ireland and are found right across Canada but particularly in places such as Ontario, Quebec and Newfoundland. The film celebrates the enduring spirit of the Irish immigrants and it highlights the profound impact of Irish music on Canadian culture, bridging the gap between past and present with its rich and vibrant musical heritage,” said O’Hare.

Ceol na gCoillte is more than just a historical documentary; it’s a living testament to the power of music to transcend borders and generations. It brings together the past and the present, the old world and the new, in a visually stunning narrative that will resonate with viewers of all ages.

Don’t miss the premiere on October 27th at 21:30 on TG4 and TG4.ie, where centuries-old melodies continue to sing the story of a people, a journey, and a shared cultural heritage that remains as vibrant today as ever.

Cóip amhairc ar fáil ach í a iarraidh.

Craolfar Ceol na gCoillte den chéad uair riamh ar TG4 Dé Domhnaigh, an 27 Deireadh Fómhair, príomhscannán faisnéise spreagúil agus físiúil is ea é ina nochtfar scéal rúnda faoi stair chomhchoiteann na hÉireann agus Cheanada. Faoi stiúir an cheoltóra cháiliúil as Éirinn Dáithí Sproule, is cinnte go mbeidh an-spéis ag an lucht féachana sa chlár faisnéise seo ina ndéanfar cíoradh ar oidhreacht chultúir bhuan inimircigh na hÉireann i gCeanada.

Is é scéal na lonnaitheoirí as Éirinn i gCeanada, a thug aghaidh ar fhoraoisí péine móra na tíre go luath sna 1800idí, scéal nár insíodh go dtí seo, bun agus barr an chláir faisnéise. Thug na lonnaitheoirí sin a dtraidisiúin cheoil shaibhir leo, agus bhí tionchar mór ag na hinimircigh seo ar chreatlach chultúir na réigiún sin inar lonnaigh siad ar fud Cheanada. Leanfar scéalta na ndaoine sin sa chlár Ceol na gCoillte, ina dtabharfar léargas ní hamháin ar an gcaoi ar éirigh le spiorad na hÉireann maireachtáil thall ach go raibh borradh faoi sa domhan nua fiáin sin agus gur athraíodh fuaimdhreach Cheanada le meascán ar leith de cheol mhuintir na hÉireann agus mhuintir Cheanada araon.

 Tabharfaidh Dáithí Sproule, máistir ar thraidisiún amhránaíochta Uladh, faoin aistear céanna a thug na luath-lonnaitheoirí sin faoi fadó, ag tabhairt a scéalta chun fíre tríd an gceol. Tá a thuras pearsanta ó Dhoire agus ó Dhún na nGall go campaí lománaíochta Cheanada i gcroílár tochtmhar an scannáin, ina bhfitear an t-am atá thart agus an t-am i láthair le chéile chun scéal síoraí a insint. Beidh taibhithe iontacha sa chlár faisnéise ó cheoltóirí sáraitheanta amhail Maighréad agus Tríona Ní Dhomhnaill, Niall Hanna, Yves Lambert, agus Graham Wells, taibhithe a thabharfaidh léargas nua ar amhráin thraidisiúnta ar éirigh leis na glúnta iad a choinneáil beo agus a sháraigh teorainneacha.

Déanann an léiritheoir agus stiúrthóir Méabh O’Hare cur síos ar an gcaoi ar tugadh faoi Ceol na gCoillte a dhéanamh mar thuras iontach trasna Cheanada.  Thaistil an criú ar fud na háite, ag nochtadh traidisiúin cheoil, ceoltóirí agus stair dhochreidte.  Ba é buaicphointe an tionscadail a bheith ag obair le Dáithí Sproule, amhránaí clúiteach a bhfuil sárthuiscint aige ar an amhránaíocht thraidisiúnta, agus chuir a chuid eolais agus an chaoi a raibh sé chomh héasca sin ionbhá a léiriú leis sraith eile leis an gclár faisnéise. “Fuaireamar amach faoin gcaoi a bhfuil na naisc iontacha seo le hÉirinn fós le brath ar fud Cheanada ach go háirithe in áiteanna amhail Ontario, Québec agus Talamh an Éisc.  Déantar ceiliúradh sa scannán ar spiorad marthanach inimircigh na hÉireann agus leagtar béim ann ar an tionchar ollmhór a bhí ag ceol na hÉireann ar chultúr Cheanada, agus laghdaíonn oidhreacht cheoil shaibhir bhríomhar an chultúir sin an bhearna idir an t-am atá caite agus an t-am i láthair,” a dúirt O’Hare.

Ní clár faisnéise staire amháin é Ceol na gCoillte; is cuntas síoraí é ar chumhacht an cheoil teorainneacha a shárú agus dul ó ghlúin go glúin.  Tugann sé an t-am atá caite agus an t-am i láthair, an seansaol agus saol nua le chéile i scéal álainn físiúil a rachaidh i gcion ar lucht féachana beag beann ar aois.

Tapaigh do dheis an chéad chraoladh a fheiceáil ag an 21:30 an 27 Deireadh Fómhair ar TG4 agus TG4.ie, agus bain sult as foinn atá á gcasadh leis na gcéadta bliain, foinn ina n-insítear scéal na ndaoine, scéal a dturais, agus a n-oidhreachta cultúir i gcomhar atá chomh bríomhar inniu agus a bhí riamh.

Is mar gheall ar thacaíocht a fuarthas ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Thuaisceart Éireann agus ón Canadian Media Fund a rabhthas in ann Ceol na gCoillte a dhéanamh agus murach sin ní fhéadfaí an scéal cumhachtach trasatlantach seo a thabhairt chun fíre.

© 2024 Northern Ireland Screen. All Rights Reserved