Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

News & Events

New Foghlaim TG4 Series Scoth Sacair



Date Posted: April 18, 2025

Athróidh Sraith Nua Foghlaim TG4 “Scoth Sacair” Oiliúint Sacair do Lúthchleasaithe Óga

Tá lúchair ar Clean Slate TV a fhógairt go bhfuil an tsraith nua spleodrach sacair ‘Scoth Sacair’ le craoladh ar Foghlaim TG4 le tacaíocht ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann.  Tá an tsraith deartha chun lúthchleasaithe agus foghlaimeoirí óga an spóirt a spreagadh agus leis an dóigh a múintear agus a gcleachtaítear scileanna sacair a athrú. Beidh an tsraith nuálach gearrscannán 22-pháirt le feiceáil ar ardán foghlama Foghlaim TG4, ag tairiscint cur chuige dinimiciúil, il-ardán i leith fhorbairt scileanna.

Tá an tsraith ardfhuinnimh seo á cur i láthair ag an imreoir sacair aitheanta Scarlett Ní Earaín agus Joseph Mag Aoidh ó TG4.  Díríonn Scoth Sacair ar chleachtaí a bhaineann go sonrach leis an sacar agus a chinntiú go mbíonn na ceachtanna inaistrithe chuig spóirt eile. Díreofar sa tsraith ar scileanna riachtanacha amhail ciceáil, pasáil, drubleáil, agus teicnící cosanta.  Leagann Scoth Sacair béim ar bhunghnéithe na litearthachta coirp, ag ullmhú lúthchleasaithe óga idir 8-12 bliain d’aois le barr feabhais a bhaint amach ar an pháirc imeartha agus lasmuigh di.

Agus Scarlett agus Joseph sa diallait, tugann Scoth Sacair an lucht féachana ar thuras ar fud na hÉireann, ag tabhairt cuairte ar chlubanna sacair an phobail ó na Forbacha go dtí An Fál Carrach agus níos faide i gcéin agus léiríonn sé cleachtaí fíorúla cóitseála gur féidir a úsáid i ngrúpaí nó i d’aonar. Leagann gach clár béim ar chleachtadh ar leith, le himreoirí óga ag léiriú na ngníomhaíochtaí faoi stiúir cóitseálaithe agus na láithreoirí.

Is sraith spéisiúil oideachasúil é “Mat na Maitice” a dhéanfaidh an sacar spraíúil d’imreoirí óga agus a ligfidh dóibh na scileanna a thuiscint níos fearr. Tá Clean Slate TV ar bís an tsraith nuálach seo a thabhairt chuig Foghlaim TG4 agus tá muid ag súil le glúin nua imreoirí sacair a spreagadh sna seachtainí amach romhainn a bhuí le Ciste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann agus TG4.

Ar fáil ón 1ú Bealtaine.

 

New Foghlaim TG4 Series “Scoth Sacair” Transforms Soccer Coaching for Young Athletes

Clean Slate TV announces the launch of an exciting new soccer series ‘Scoth Sacair’, which will broadcast on Foghlaim TG4 and funded by Northern Ireland Screen’s ILBF.  The series is designed to captivate and inspire young athletes while transforming how soccer skills are taught and practiced. The innovative 22-part series of short films will feature on Foghlaim TG4’s learning platform, offering a dynamic, multi-platform approach to skill development.

This high-energy series is presented by well-known soccer player Scarlett Ní Earaín and TG4’s Joseph Mag Aoidh.  Scoth Sacair focuses on soccer-specific coaching drills while ensuring the lessons are transferable to other sports. By incorporating essential skills such as kicking, passing, dribbling, and defensive techniques.  Scoth Sacair emphasizes the fundamentals of physical literacy, preparing young athletes aged 8-12 to excel on and off the field.

With Scarlett and Joseph at the helm, Scoth Sacair takes viewers on a journey across Ireland, visiting grassroots soccer clubs from Furbo to Falcarragh and beyond and showcases authentic coaching drills. Each episode highlights a specific drill, with young players demonstrating the activity under the guidance of the player’s experienced coaches.

‘Scoth Sacair’ which was funded by Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund promises to be an engaging and educational series that will make soccer fun and accessible to young players. Clean Slate TV is excited to bring this innovative series to Foghlaim TG4 this and looks forward to inspiring a new generation of soccer players in the weeks ahead with thanks to Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund and TG4.

Available from 1st May.

© 2025 Northern Ireland Screen. All Rights Reserved