Scéalta na Lochanna- The new and captivating six-part Irish language documentary
Date Posted: January 10, 2025
Scéalta na Lochanna
6 x 29 – Sraith faisnéise
Scéalta na Lochanna is a new and captivating six-part Irish language documentary series featuring Ireland’s two largest lakes — Lough Corrib and Lough Neagh – exploring history, culture, environment and industry on these bodies of water.
Scéalta na Lochanna is produced by Strident for RTÉ with support from Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcasting Fund (ILBF).
The first episode will be broadcast on Monday the 13th of January at 8.30pm on RTÉ one.
Filmed across an entire year, Scéalta na Lochanna begins by delving into the legends and lore surrounding these iconic waters, from the mythical tales of Fionn Mac Cumhaill to pivotal moments in Irish history, including the Nine Years’ War.
Scéalta na Lochanna explores the enduring traditions of fishermen’s blessings and the Centuries-old industries that depend on the loughs, including fly fishing, eel farming, and traditional Lough shore farming.
Communities have long been drawn together by these awe-inspiring landscapes, with identities forged through sailing, swimming, and environmental protection, forming deep bonds with the loughs that sustain them.
Scéalta na Lochanna examines our modern-day industries and employment that are reliant on the loughs, from tourism through the world-renowned Ashford Castle to the sand dredging operations on Lough Neagh. We explore how these businesses have evolved over the decades and how these waters continue to provide livelihoods to local communities.
Beyond their economic significance, the mercurial waters of Lough Neagh and Lough Corrib have inspired countless artists, musicians, and poets, serving as a source of creativity.
This documentary examines Ireland’s natural heritage, offering viewers a deeper understanding of the profound connection between the Loughs and the people who rely on them.
Scéalta na Lochanna- Sraith faisnéise nua agus mealltach a bhfuil sé chuid ann
An dá loch is mó in Éirinn – Loch Coirib agus Loch nEathach – atá faoi chaibidil sa tsraith nua speisialta Ghaeilge seo. Bliain iomlán a caitheadh i mbun scannánaíochta agus fiosraítear sa tsraith stair, cultúr, timpeallacht agus tionscal na lochanna.
Tosaíonn Scéalta na Lochanna leis an mhiotaseolaíocht agus leis an bhéaloideas a bhaineann leis na huiscí cáiliúla seo, ó scéalta faoi Fhionn Mac Cumhaill go cora cinniúna i stair na hÉireann, amhail Cogadh na Naoi mBliana.
Pléitear seantraidisiúin a mhaireann fós, mar bheannachtaí iascairí, agus na tionscail sheanbhunaithe atá ag brath ar na lochanna – flaidireacht, iascaireacht eascann agus feirmeoireacht thraidisiúnta cois locha san áireamh.
Meallann na tírdhreacha draíochtacha seo pobail a chruthaíonn féiniúlacht bunaithe ar sheoltóireacht, snámh agus cosaint timpeallachta, pobail a bhfuil dáimh ar leith acu leis na lochanna a chothaíonn iad.
Breathnaítear freisin ar thionscail agus fostaíocht chomhaimseartha a bhaineann leis na lochanna, ón turasóireacht ag scothóstán Caisleán Cheapach Corcóige go dtí dreideáil gainimh ar Loch nEathach, ag amharc ar an dóigh ar fhás na tionscail seo thar na blianta agus mar a chuireann siad fostaíocht ar fáil do mhuintir na háite.
Seachas luach airgeadais na lochanna, spreagann uiscí taghdacha Loch Coirib agus Loch nEathach na glúnta ealaíontóirí, filí, ceoltóirí agus scríbhneoirí.
I gclár deiridh Scéalta na Lochanna, caitear súil ghéar ar na héiceachórais a chothaíonn na lochanna, chomh maith lena dtírdhreacha áille agus réimse fiadhúlra, agus déantar plé ar na dúshláin a bhaineann le gníomhaíocht dhaonna agus leis an ghéarchéim aeráide.
Fiosraítear sa tsraith seo oidhreacht nádúrtha na hÉireann agus tugtar léargas níos iomláine don lucht féachana ar an dáimh atá ag daoine leis na lochanna ar a bhfuil siad ag brath.
Strident Media a léirigh Scéalta na Lochanna do RTÉ, le maoiniú ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann.
Craolfar an chéad chlár Dé Luain, 13ú de mhí Eanáir, ar 8 i.n ar RTÉ1.