Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

News & Events

Paper Owl Films makes big splash with UISCE UISCE! on TG4 & BBC iPlayer



Date Posted: September 13, 2023

Paper Owl Films is set to make waves with a new series aimed at encouraging children to explore, enjoy and conserve their local waterways. Irish Language Broadcast Fund series UISCE UISCE! premieres this September on TG4’s new channel, Cúla4 and on BBC Gaeilge via the BBC iPlayer.

From Dublin Bay to the Aran Islands, Dingle Peninsula to Belfast Lough, the series is filmed across the island of Ireland and follows the adventures of eight- to 12-year-olds as they navigate their nearest waterways. Surfing, sailing, dolphin spotting, treasure hunting, raft building and pier jumping are just some of the activities the children experience over 12 high-octane, action-packed episodes. There are even some close encounters with sharks!

History is also explored with the children investigating nautical family connections as well as local events that shaped the world. With over 3,000 kilometres of coastline, 13,500 kilometres of river channels and more than 12,000 lakes, UISCE UISCE! demonstrates that when it comes to kids having fun on the ocean wave, the island of Ireland really is their oyster.

Gavin Halpin, Paper Owl’s Managing Director, said: “It is a proud moment for Paper Owl Films to be launching this new exciting series. Irish language shows continue to be an important pillar of the shows we produce. Giving young Irish people from across the island a platform to share their love of water and how much craic can be had has been a real privilege!”

Siobhán Ní Bhrádaigh, Young People’s Editor, Cúla4, TG4 said; “It’s such an amazing opportunity to give young people around the country a platform to celebrate the waters around them. It’s clear that the kids involved in UISCE UISCE! are very passionate about the seas, lochs and rivers around them and it’s so lovely to see them all enjoying themselves.”

Karen Kirby, Comissioning Executive, BBC Gaeilge said; “Deis iontach a bhí ann an tsraith seo a choimisiúnú do BBC iPlayer. I was delighted to have the opportunity to commission this series for BBC iPlayer. Uisce Uisce! gives young viewers a chance to hear from their peers about geography, history and the importance of the rivers, loughs and the ocean around us in such an accessible and entertaining way. We hope they all enjoy watching the children in action.”

Aine Walsh, Head of Irish Language Broadcast Fund (ILBF), Northern Ireland Screen said;  “We are delighted to support such a vibrant and energetic series.  It’s wonderful to see the enthusiasm with which young people are taking part in such a variety of water-based activities throughout Ireland, and indeed their passion for learning new skills and knowledge.  We are very proud that this series will be one of the first productions to air on the new Cúla 4 channel as well as on BBC Gaeilge, and I’m sure that the audience at home will be just as enthusiastic as our on-screen kids about Uisce Uisce!”.

UISCE UISCE! launched on TG4’s new Cúla4 channel at 4.30pm on Monday 11th September  with new episodes weekly. All episodes of UISCE UISCE! are available to watch on BBC Gaelige via the BBC iPlayer from Wednesday 13th September.


Cuireann Paper Owl Films muid Chun na Farraige le UISCE UISCE! Ar TG4 & BBC iPlayer

Tá Paper Owl Films réidh le tabhairt faoin uisce le sraith nua atá dírithe ar pháistí a spreagadh le heolas a chur ar a gcuid uiscebhealaí áitiúla, sult a bhaint astu agus iad a chaomhnú. Beidh an chéad taibhiú de UISCE UISCE! ar chainéal nua TG4 Cúla4 agus ar BBC Gaeilge ar an BBC iPlayer an mhí seo.

Ó Chuan Bhaile Átha Cliath go hOileáin Árann, Leithinis an Daingin go Loch Bhéal Feirste, rinneadh an tsraith a scannánú ar fud oileán na hÉireann agus leanann sé eachtraí leanaí atá idir ocht mbliana go 12 bhliain d’aois agus iad ag tabhairt faoi na bealaí uisce is gaire dóibh. I measc na ngníomhaíochtaí a dhéanann na páistí tá níos mó ná 12 eagrán ardfhuinnimh lánghníomhartha mar atá surfáil, seoltóireacht, ag amharc ar dheilfeanna, tóraíocht taisce, tógáil raftaí agus léim ó chéanna. Bíonn roinnt teagmhálacha dlútha acu le siorcanna fiú!

Pléitear an stair fosta agus na páistí ag fiosrú naisc teaghlaigh farraige chomh maith le himeachtaí áitiúla a mhúnlaigh an domhan. Le níos mó ná 3,000 ciliméadar de chósta, 13,500 ciliméadar de chainéil abhann agus níos mó ná 12,000 loch, léiríonn UISCE UISCE! go bhfuil an saol ar a dtoil ag na páistí in Oileán na hÉireann agus iad ag iarraidh spórt a bheith acu ar thoinn agus ar thír.

Dúirt Gavin Halpin, Stiúrthóir Bainistíochta an chomhlachta: “Is am bródúil é do Paper Owl Films an tsraith nua spreagúil seo a sheoladh. Tá seónna Gaeilge go fóill mar chuid thábhachtach de na cláir a léiríonn muid. Pribhléid mhór a bhí ann dúinn ardán a thabhairt d’Éireannaigh óga ar fud an oileáin a ngrá don uisce a roinnt mar aon leis an oiread craice is féidir a bheith acu!”

Dúirt Siobhán Ní Bhrádaigh, Eagarthóir Daoine Óga, Cúla4, TG4, “Is iontach an deis é ardán a thabhairt do dhaoine óga na tíre ceiliúradh a dhéanamh ar na huiscí thart orthu. Tá sé soiléir go bhfuil na rannpháirtithe in UISCE UISCE! paiseanta faoi na farraigí, lochanna agus aibhneacha thart orthu agus tá sé go hálainn iad a fheiceáil i mbun spraoi”.

Dúirt Karen Kirby, BBC Gaeilge “Deis iontach a bhí ann an tsraith seo a choimisiúnú do BBC iPlayer. Tugann Uisce Uisce! seans do lucht féachana óg cluinstin óna bpiaraí faoin tíreolaíocht, faoin stair agus faoin tábhacht a bhaineann leis na haibhneacha, na lochanna agus an fharraige atá thart orainn ar bhealach atá insroichte siamsúil. Tá súil againn go mbaineann siad uilig sult as amharc ar na páistí i mbun gníomhaíochta.”

Dúirt Áine Walsh, Ceannasaí Chiste Craoltóireachta Gaeilge (CCG), Scáileán Thuaisceart Éireann, “Tá lúcháir orainn tacú le sraith chomh bríomhar fuinniúil seo. Is iontach an díograis a fheiceáil agus daoine óga ag glacadh páirt i ngníomhaíochtaí uisce-bhunaithe éagsúla ar fud na hÉireann, agus an paisean atá acu scileanna agus eolas nua a fhoghlaim. Táimid an-bhródúil go mbeidh an tsraith seo ar cheann de na chéad léiriúcháin a chraolfar ar an chainéal úr Cúla 4 chomh maith le BBC Gaeilge, agus tá mé cinnte go mbeidh an lucht féachana sa bhaile chomh díograiseach céanna lenár bpáistí ar an scáileán faoi ​​Uisce Uisce!

Seoladh UISCE UISCE!  ar chainéal úr de chuid TG4, Cúla4 ag 4.30pm ar an 11ú Meán Fómhair le heagráin nua gach seachtain. Beidh gach eagrán de UISCE UISCE! ar fáil le hamharc air ar BBC Gaelige tríd an BBC iPlayer ón 13ú Meán Fómhair.

© 2024 Northern Ireland Screen. All Rights Reserved