Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

News & Events

Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund Announces 2024 Funding Decisions.



Date Posted: November 26, 2024

Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund (ILBF) is delighted to announce its latest funding decisions for 2024. Funding was awarded across a wide genre of content with a total of 15 projects receiving funding. The aims of the ILBF are to promote the production and broadcast of quality Irish language content for an audience in Northern Ireland and beyond and to help grow the local Irish language production sector.

Dearcán Media received funding to produce Mac Líammóir, a feature-length documentary for TG4 about Micheál Mac Líammóir’s long and productive life as an actor and playwright at the centre of Irish cultural life. In Brú, a 2-part, all-access, observational documentary series by Brassneck Productions for TG4, we explore the pressures of high-level sport in the 21st century and the impact that pressure has on young athletes. Beloved Media was awarded funds to produce Néaltrú, a documentary for TG4 about the McNally family’s struggle with Alzheimer’s disease. This heartfelt film focuses on the fragility of life and its challenges, and how the family deal with these challenges with grace and humour.

Paper Owl Films will produce the second series of Lí Ban, a Celtic animé series written by Máire Zepf for TG4, which features a unique retelling of Celtic mythological stories. Also for TG4 is Blinky Bill The Movie, a children’s feature-length animation, produced by Zoogon, sees a young and mischievous koala embarks on a journey across the wild and dangerous Australian Outback in the hope of finding his missing father. Zoogon will also work with Dog Ears to produce Irish language versions of the popular pre-school animated TV series Puffin Rock, Series 1,2 and 3, for RTÉJr.

Below the Radar will produce ADHD agus Mise, in this one-off factual documentary for RTÉ, TV Presenter Róisín Ní Thomáin embarks on a deeply personal journey to reveal her own relationship with ADHD, dyspraxia and the autism spectrum. The company also received funding for Breith, Beatha, Bás, a 3-part series for RTÉ which will follow celebrants from across Ireland as they navigate both the joyful and sorrowful moments in people’s lives, revealing what the Irish spirit of celebration looks like in a modern-day Ireland.

Production funding was awarded to Village Films for Ag Dul Abhaile, a drama project developed through the Gealán scheme for low budget features. In this drama for BBCNI and TG4, a young woman forms an unlikely bond with Éilis, an older woman who is suffering from dementia. Also for BBCNI and TG4, Umbrella Films received development funding for the second season of Crá, a slick murder-mystery drama series set in the heart of the Donegal Gaeltacht.

Big Mountain Productions received funding to produce The Sands: Clann an Cheoil, a documentary for RTÉ1 that looks at one of Ireland’s most famous musical families. Macha Media will produce Scéill Uí Néill: The Forgotten Kings Of Ireland, a landmark drama documentary series for BBC and TG4, which uncovers the story of the O’Neill dynasty, one of the oldest royal families in the world, and the ancestors of more than 10 million people. Ronin Films will develop Slán Go Feoil for RTÉ, a documentary series that will explore the increasing trend of Irish people transitioning to a vegetarian lifestyle.

Raidió Fáilte was funded to continue its work providing Irish language training courses in radio production, online content and podcasting.

___

Cinntí maoinithe 2024 Fógartha ag an Chiste Craoltóireachta Gaeilge, Scáileán Thuaisceart Éireann

Tá lúcháir ar an Chiste Craoltóireachta Gaeilge (CCG) a fhógairt na cinntí maoinithe is deireanaí atá déanta aige don bhliain 2024. Bronnadh maoiniú thar sheánra leathan d’ábhar agus fuair 15 thionscadal san iomlán maoiniú. Is iad na haidhmeanna atá ag an CCG, ná léiriú agus craoladh d’ábhar ardchaighdeánach sa Ghaeilge a chur chun cinn ar mhaithe le lucht féachana i dTuaisceart Éireann is níos faide i gcéin, agus cuidiú le fás earnáil áitiúil an léirithe Ghaeilge.

Fuair Dearcán Media maoiniú le Mac Líammóir a léiriú, clár faisnéise fada do TG4 fán tsaol fhada fhiúntach a bhí ag Micheál Mac Líammóir mar aisteoir agus drámadóir i gcroílár shaol cultúrtha na hÉireann. Is sraith faisnéise bhreathnaitheach oscailte é Brú,  le Brassneck Productions do TG4. Amharctar sa tsraith seo ar na brúnna a bhaineann le spórt ardleibhéil sa 21ú haois agus an tionchar a bhíonn ag an bhrú sin ar lúthchleasaithe óga. Bronnadh maoiniú ar Beloved Media le Néaltrú a léiriú, clár faisnéise do TG4 fá streachailt theaghlach Mhic an Fhailí le galar Alzheimer. Tá an scannán corraitheach seo dírithe ar leochaileacht agus dúshláin an tsaoil, agus an dóigh a dtugann an teaghlach faoi na dúshláin seo le béasa agus greann.

Déanfaidh Paper Owl Films an dara sraith de Lí Ban, sraith anime Cheilteach scríofa ag Máire Zepf do TG4, ina ndéantar athinsint ar scéalta miotaseolaíochta na gCeilteach ar bhealach ar leith. Beochan fhada do pháistí is ea Blinky Bill The Movie do TG4, arna léiriú ag Zoogon, ina leantar cóála óg diabhalta ar a aistear trasna Iargúil fhiáin chontúirteach na hAstráile, agus é ag iarraidh teacht ar a athair atá ar iarraidh. Oibreoidh Zoogon le Dog Ears fosta le leaganacha Gaeilge a léiriú den tsraith theilifíse bheochana réamhscoile a bhfuil tóir uirthi, Puffin Rock, Sraith 1, 2 agus 3 do RTÉJr.

Déanfaidh Below the Radar ADHD agus Mise a léiriú fosta. Is clár faisnéise fíorasach aon-uaire é seo ina dtéann an láithreoir teilifíse Róisín Ní Thomáin ar aistear fíorphearsanta lena caidreamh féin le NHEA, diospraicse agus speictream an uathachais a nochtadh. Fuair an comhlacht maoiniú fosta fá choinne Breith, Beatha, Bás. Is sraith trí chuid í ina leanann RTÉ ceiliúraithe ó cheann ceann na hÉireann agus iad ag déanamh a mbealaigh fríd na heachtraí áthasacha agus brónacha i saol daoine, rud a nochtann meon ceiliúrtha na nÉireannach sa lá atá inniu ann.

Bronnadh maoiniú léirithe ar Village Films fá choinne Ag Dul Abhaile, tionscadal drámaíochta atá forbartha tríd an scéim Gealán do ghnéchláir ar chostas beag. Is do BBCNI agus TG4 atá an dráma seo á dhéanamh, ina ndéanann bean óg cairdeas saoithiúil le seanbhean a bhfuil néaltrú uirthi. Fuair Umbrella Films maoiniú forbartha don dara séasúr de Crá, do BBC agus TG4 fosta. Sraith dhrámaíochta ealaíonta dúrúin dúnmharaithe, atá suite i gcroílar Ghaeltacht Thír Chonaill.

Tugadh maoiniú do Big Mountain Productions le The Sands: Clann an Cheoil a léiriú, clár faisnéise do RTÉ1 ina n-amharctar ar cheann de na teaghlaigh cheoil is iomráití in Éirinn. Léireoidh Macha Media Scéill Uí Néill: The Forgotten Kings Of Ireland, sraith faisnéise dhrámaíochta chinniúnach do BBC agus TG4, ina nochtar scéal Chlann Uí Neill, ceann de na teaghlaigh ríoga is sine ar domhan, agus a bhfuil breis agus 10 milliún sliochtach aige. Léireoidh Ronin Films Slán Go Feoil do RTÉ, sraith faisnéise ina n-amharcfar ar dhaoine ag glacadh saol feoilséantach chucu féin, treocht atá ag éirí níos coitianta in Éirinn.

Tugadh maoiniú do Raidió Fáilte le leanúint dá chuid oibre le cúrsaí oiliúna Gaeilge a chur ar fáil ar léiriú raidió, ábhar ar líne agus podchraoltóireacht.

 

 

© 2025 Northern Ireland Screen. All Rights Reserved