Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

News & Events

New ILBF-Backed Series Rótha Mór an tSaoil Launches on RTÉ Raidió na Gaeltachta



Date Posted: July 22, 2025

Sraith Úr Tacaithe ag an CCG Rótha Mór an tSaoil ag Toiseacht ar RTÉ Raidió na Gaeltachta

RTÉ Raidió na Gaeltachta gach Céadaoin ón 23 Iúil 2025 ar aghaidh ag 1.30pm

Ní i line dhíreach a ghluaiseann an saol in am ar bith. Is iomaí sin casadh a bhíonn ann, agus in amanna cuirtear cor gan choinne inár gcinniúint. In ainneoin na n-athruithe, na ndúshlán agus na gclaochluithe seo go léir, áfach, bíonn rud amháín cinnte – ní stopann muid de bheith ag bogadh ar aghaidh

An samhradh seo, bígí ag éisteacht le RTÉ Raidió na Gaeltachta chun sraith raidió sé pháirt thar a bheith suimiúil a chluinstin ina mbíonn muid ag fiosrú na dtráthanna, na gcinntí agus na gcúinsí sin sa tsaol a mhúnlaíonn daoine chomh maith le neart sin na tola a choinníonn beo bríomhar beathach muid.

Le tacaíocht ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann agus á cur i láthair ag Ceara Ní Choinn as Béal Átha an Airgid, Contae Ard Mhacha, leagann an tsraith amach na cúinsí inar saolaíodh achan rannpháirtí sa tsraith, na dúshláin agus streachailtí a bhí rompu ach a léirigh meon dosháraithe tríd cruatáin ina saol.

Ní sraith raidió amháin é “Rótha Mór an tSaoil”; is fuinneog isteach í i saol ghrúpa daoine ó ghach chearn den tír agus léiriú ar an chumhacht atá leis an teacht aniar chiúin sin ó achan dúshlán, achan chor cinniúna, gur thug siad fúthu go cróga gan stad ná staonadh agus go bhfuil roth an tsaoil á thiontú go fóill.

Is craoladh RTÉ Raidió na Gaeltachta í an tsraith, arna léiriú ag Clean Slate TV. Tugann an tsraith cuireadh d’éisteoirí tabhairt faoi thurais saol na ndaoine sin a cuireadh faoi agallamh. In achan eagrán cluinfidh muid faoi éachtaí thar na bearta agus mianach caolchúiseach na ndaoine sin a chuaigh a choraíocht leis an chinniúint agus nár ghéill riamh.

Sa chéad chlár, buailfidh muid le fear a léirigh mianach ar a bhealach chun athraithe. Múinteoir, gníomhaí agus scríobhaí atá i nDiarmuid Ó Breisleáin ach tá an streachailt, an caillteanas agus an slánú mar chuid den tsaol s’aige. Ní hamháin gur tháinig sé slán, ach choinnigh sé lóchrann an dóchais ar lasadh go raibh sé in ann saol úr a chruthú dó féin. Cloisfidh muid, óna bhéal féin, an dóigh a bhfuair Diarmuid bua ar an chinniúint gur réitigh sé bealach nua.

Craolfar an tsraith i rith an tsamhraidh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta achan Chéadaoin ón 23 Iúil ar aghaidh ag 1.30pm ar feadh sé seachtainí.

Buail fút, mar sin. Tá an roth ag tiontú. Tá an scéal ag tosú….

 

 

RTÉ Raidió na Gaeltachta every Wednesday from 23 July 2025 onwards at 1.30pm

Life never moves in a straight line. It twists, turns, and sometimes spins us in directions we never expected. But through every change, every challenge, and every moment of transformation, one truth remains, we keep moving forward.

This summer, tune in to RTÉ Raidió na Gaeltachta to hear a fascinating six-part radio series in which we explore the pivotal moments that shape who we are, decisions and circumstances in life that shape people as well as the strength of will that keeps us alive and vibrant.

Backed by Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund and presented by Ceara Ní Choinn from Silverbridge, County Armagh, the series explores the circumstances into which each participant was born, the challenges they encountered, and the hardships they endured, revealing an indomitable spirit that carried them through.

“Rótha Mór an tSaoil” is more than a radio series, it offers a window into the lives of people from across the country and stands as a testament to the quiet resilience they showed in the face of every challenge and circumstance, bravely enduring without pause or surrender. Through their stories, we see that the wheel of life continues to turn.

In the first episode, we’re joined by a man whose journey has been one of resilience and transformation. Diarmuid Ó Breisleáin is a teacher, an activist, and a writer, but behind these titles lies a story of struggle, loss, and redemption. Diarmuid’s story is one of survival, hope and the power to rebuild. We’ll hear in his own words, how Diarmuid overcame adversity and forged a new path.

Broadcast on RTÉ Raidió na Gaeltachta and produced by Clean Slate TV, the series invites listeners to journey through the lives of its interviewees. Each episode reveals the extraordinary achievements and quiet strengths of individuals who have faced adversity with unwavering resolve.

The series will air this summer on RTÉ Raidió na Gaeltachta every Wednesday from 23 July at 1.30pm for six weeks.

Take a seat. The wheel is turning. The story is beginning….

 

 

© 2025 Northern Ireland Screen. All Rights Reserved