Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

News & Events

NEW ILBF AUDIENCE PANEL ANNOUNCED 2024-2026



Date Posted: June 27, 2024

COMHAIRLE LUCHT FÉACHANA AN CHISTE CRAOLTÓIREACHTA GAEILGE 2024-2026

Cuirfidh an CCG fáilte roimh léirithe spéise ó dhaoine le Gaeilge ar achan leibhéal ar mian leo a bheith ina gcomhaltaí dá Chomhairle Lucht Féachana.

Is deis í seo do dhaoine tacú leis an CCG ar bhealach praiticiúil agus aiseolas luachmhar a thabahirt dá lucht ceannais maidir le raon agus caighdeán an ábhar a chraoltar.

Bíonn ceithre chruinniú sa bhliain ag an Chomhairle agus is é príomhaidhm an Chomhairle ná tuairimí an phobail i gcoitinne a chur in iúl do bhord an CCG.

Bíonn comhalta ar fhoireann an CCG mar Chathaoirleach ar an Chomhairle agus idir comhalta dhéag agus ceathrar déag comhaltaí eile ina chuideachta, de mheascán cúlraí, aoisghrúpaí agus ó gach cearn de Chúige Uladh.

Is deis iontach í d’fhoghlaimeoirí agus mhúinteoirí Gaeilge, do thuismitheoirí agus dóibh siúd ar shuim leo teanga, cultúr agus na meáin chumarsáide.

Iarrtar ar dhuine ar bith a bhfuil suim acu a bheith ina chomhalta ar an bpainéal, a shuim a léiriú trí alt gairid (i nGaeilge) a sheoladh chugainn ina dtugtar na sonraí pearsanta agus cur síos ar shuim s’acu in ábhar craoltóireachta Gaeilge.

Seol d’iarratas ar ríomhphost chuig [email protected] roimh an 22ú Iúil 2024.

Nó tríd an bpost chuig:

Oifig an Chiste Craoltóireachta Gaeilge, Scáileán Thuaisceart Éireann, 3ú urlár Alfred House, 21 Sráid Alfred, Béal Feirste BT2 8ED, Tuaisceart na hÉireann

_______

The ILBF welcomes applications from Irish speakers of all levels with an interest in joining it’s brand new audience panel. This is an opportunity for people to support the ILBF in a practical way by providing valuable feedback regarding the reach and quality of broadcast material.

The panel will meet quarterly (4 times a year) with the aim of collecting opinions from the general public and providing them to the ILBF’s board of Directors. A member of the ILBF team will act as chair of the panel and we aim to recruit another 11 – 14 members from all over Ulster and from a range of different backgrounds and age brackets.

This is a great opportunity for learners, teachers, parents and anyone with an interest in the Irish language, culture or broadcast media.

We ask anyone interested in becoming a member of our audience panel to send us a short paragraph in Irish, detailing their contact information and explaining their interest in Irish media.

Please send this information by 22nd of July via email to: [email protected]

Or by post to:
ILBF Office, Northern Ireland Screen, 3rd Floor Alfred House, 21 Alfred Street, Belfast BT2 8ED, Northern Ireland

© 2024 Northern Ireland Screen. All Rights Reserved