Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

News & Events

Latest Cohort of Irish Language Broadcast Fund Trainees Celebrate Graduation



Date Posted: October 3, 2024

Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund (ILBF) proudly celebrates the graduation of nine emerging talents who have successfully completed its training schemes, marking another milestone in the enrichment of Irish language broadcasting and content creation.

Established in 2004, the ILBF aims to promote high-quality Irish language content in Northern Ireland and beyond, while also supporting the growth of the local production sector. Over the years, it has become a cornerstone in nurturing new talent and expanding opportunities for aspiring professionals in the Irish language media landscape.

Six graduates have completed the ILBF’S New Entrant Scheme 2023-2024, one graduate completed the Trainee Radio Producer Scheme and two have just completed the Trainee Video Journalist Scheme.  Each of these individuals received hands-on training across diverse areas, including television production, radio production and multimedia content creation, equipping them with the skills necessary to thrive in today’s evolving media landscape.

This year representatives from television production companies, BBC Northern Ireland, NVTV, Raidió Fáilte, and TG4 have been able to enjoy programmes produced by the New Entrant Trainees while on an Advanced Production Course with Macha Media.

Róise Ní Bhaoill, ILBF Chairperson said: “Congratulations to all the trainees who have completed their ILBF training schemes this year. I am thrilled to represent the ILBF Investment Committee and celebrate the achievements of all graduates.

“The training schemes funded through the ILBF continue to provide fantastic opportunities for participants to gain the necessary skills required to secure employment within the local Irish speaking production sector.”

Áine Walsh, Head of the Irish Language Broadcast Fund, expressed her pride in the accomplishments of the graduates:

This is a celebration of passion, creativity, talent and dedication to elevating Irish language media. The ILBF graduating class of 2024 represents the future of our industry, and their work will continue to enrich our culture and storytelling for years to come. We look forward to seeing the positive impact they will have on Irish language broadcasting, and we remain committed to supporting the next generation of talent through opportunities like this including our new trainees who have just begun the year long scheme. 

Graduate trainee Rachel Black reflected on her experience: “I really enjoyed the ILBF training course and I had so many opportunities this year. I attended various training courses to develop skills in television and radio production, I worked with different production companies, and I also had the opportunity to work on an Irish language film set. I would definitely recommend that anyone with an interest in Irish language media apply for this course”

The graduates, including Órnaith Ní Fhearghail, Rachel Black, Dubhaltach Mac ConMidhe, Éamonn Higgins, Fionnuala Conlon, Aisling Bell (New Entrant Scheme), Storm Eaton-Kilgallen (Trainee Radio Producer Scheme), received their certificates from Róise Ní Bhaoill. Jane McWilliams and Eilís Nic Lochlainn completed the Trainee Video Journalist Scheme.

For more information about the Irish Language Broadcast Fund and its training schemes, visit Forléargas | Overview – Northern Ireland Screen. 

 

Ceiliúradh ag an ócáid bhronnta ar an chohórt is déanaí d’oiliúnaithe ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge

 

Rinne Ciste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann (CCG) ceiliúradh bródúil ar bhronnadh naonúr atá ag teacht chun cinn agus ar éirigh leo a scéimeanna oiliúna a chur i gcrích, rud a léiríonn cloch mhíle eile i saibhriú chraoltóireacht na Gaeilge agus cruthú ábhair. 

Bunaíodh an CCG in 2004 agus tá sé mar aidhm aige ábhar Gaeilge ar ardchaighdeán a chur chun cinn i dTuaisceart Éireann agus níos faide i gcéin, agus ag an am céanna tacú le fás na hearnála léiriúcháin áitiúla. Thar na blianta, tá sé ina bhunchloch anois maidir le tallann nua a chothú agus deiseanna a leathnú do ghairmithe spreagúla i dtírdhreach na meán Gaeilge.  

Tá Scéim Iontrálaithe Nua an CCG 2023-2024 curtha i gcrích ag seisear céimithe, chríochnaigh céimí amháin an Scéim Léiritheoirí Raidió faoi Oiliúint agus tá beirt acu díreach i ndiaidh an Scéim Físiriseoirí faoi Oiliúint a chríochnú.  Fuair gach duine de na daoine seo oiliúint phraiticiúil i réimsí éagsúla, lena n-áirítear léiriú teilifíse, léiriú raidió agus cruthú ábhar ilmheán, ag tabhairt na scileanna is gá dóibh chun rath a bhaint amach i saol na mean, saol atá de shíor ag athrú sa lá atá inniu ann. 

Ag an tsearmanas bronnta céime, a bhí ar siúl Déardaoin 26 Meán Fómhair sa Chultúrlann, bhí deis ag an lucht freastail gearrthóga ó chláir a léirigh na hIontrálaithe Nua faoi Oiliúint a fheiceáil agus iad ar Ardchúrsa Léiriúcháin le Macha Media i mí Feabhra. Tháinig ionadaithe ó chomhlachtaí léiriúcháin teilifíse, BBC Thuaisceart Éireann, NVTV, Raidió Fáilte agus TG4 le chéile ag an ócáid. 

Dúirt Róise Ní Bhaoill, Cathaoirleach an CCG: “Comhghairdeas leis na hoiliúnaithe ar fad a chríochnaigh a gcuid scéimeanna oiliúna CCG i mbliana. Tá ríméad orm ionadaíocht a dhéanamh ar Choiste Infheistíochta an CCG agus ceiliúradh a dhéanamh ar a bhfuil bainte amach ag achan duine anseo inniu.  

“Cuireann na scéimeanna oiliúna a mhaoinítear tríd an CCG deiseanna iontacha ar fáil do rannpháirtithe na scileanna riachtanacha a fháil le fostaíocht a fháil san earnáil léiriúcháin áitiúil ina mbíonn an Ghaeilge á labhairt.” 

Chuir Áine Walsh, Ceannasaí an Chiste Craoltóireachta Gaeilge, an bród a bhí uirthi in iúl as an méid a bhí bainte amach ag na céimithe: 

Is ceiliúradh é an lá inniu ar phaisean, ar chruthaitheacht, ar thallann agus ar dhúthracht leis na meáin Ghaeilge a chur chun cinn. Is ionann rang céime an CCG in 2024 agus saol ár dtionscal amach anseo, agus leanfaidh a gcuid oibre ag saibhriú ár gcultúr agus ár scéalaíochta ar feadh na mblianta atá le teacht. Táimid ag súil go mór leis an tionchar dhearfach a bheidh acu ar chraoltóireacht na Gaeilge a fheiceáil, agus táimid tiomanta i gcónaí do thacaíocht a thabhairt don chéad ghlúin eile tallainne trí dheiseanna mar seo, lena n-áirítear ár n-oiliúnaithe nua atá díreach i ndiaidh tús a chur leis an scéim bliana.”  

Rinne an t-oiliúnaí iarchéime Rachel Black machnamh ar a taithí: “Bhain mé an-taitneamh as an chúrsa oiliúna ILBF agus bhí an oiread sin deiseanna agam i mbliana. D’fhreastail mé ar chúrsaí oiliúna éagsúla le scileanna i léiriú teilifíse agus raidió a fhorbairt, d’oibrigh mé le comhlachtaí léiriúcháin éagsúla, agus bhí deis agam a bheith ag obair ar  scannán Gaeilge. Mholfainn go cinnte d’aon duine a bhfuil spéis acu sna meáin Ghaeilge cur isteach ar an chúrsa seo.”  

Fuair na céimithe, ina measc Órnaith Ní Fhearghail, Rachel Black, Dubhaltach Mac ConMidhe, Éamonn Higgins, Fionnuala Conlon, Aisling Bell (Scéim na nIontrálaithe Nua), Stoirm Eaton-Kilgallen (Scéim Léiritheoirí Raidió faoi Oiliúint), a dteastais ó Róise Ní Bhaoill. Ní raibh Jane McWilliams agus Eilís Nic Lochlainn in ann a bheith i láthair agus bhí an Scéim Fís-Iriseoirí faoi Oiliúint díreach críochnaithe acu. 

Le tuilleadh eolais a fháil faoin Chiste Craoltóireachta Gaeilge agus faoina scéimeanna oiliúna, Téigh chuig Forléargas | Overview – Northern Ireland Screen. 

 

 

© 2024 Northern Ireland Screen. All Rights Reserved