Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

News & Events

Two friends discuss the highs and lows of motherhood in new Irish language series on Raidió Fáilte



Date Posted: March 14, 2023

Bantracht is a new Irish Language Broadcast Fund entertaining series which captures the highs and lows of motherhood and family life through the eyes of two friends with young children, Méabh Nic Alastair & Milène Fegan. Produced by Macha Media, the series begins on Mother’s Day (Sunday 19th March) at 7pm on Raidió Fáilte.

In the 10-part series, Méabh and Miléne discuss their own experiences as parents. Both are honest, direct and sharp women, with no hesitation in talking about the most important things in life and they don’t always necessarily agree on those things. Nothing is off the record in this series.

Méabh and Milène will cover a broad spectrum of subjects, both serious and light-hearted, but always balancing the light with the shade. They talk openly about the ups and downs of family life. This is an opportunity to highlight all the stages of parenthood, for example pregnancy, parenting infants, dealing with toddlers, kids going to school and everything in between.

Special guests on the series include singer-songwriter Bernadette Morris, broadcaster Caoimhe Ní Chathail, yoga teacher Nuala Ní Scolláin and composer Sadhbh Rosenstock among many others.

Bantracht was recorded and edited with the Raidió Fáilte team, Antaine Ó Donnaile was the executive producer and it was co-produced and co-presented by Milène Fegan and Méabh Nic Alastair. The series is also available to download on Soundcloud on a weekly basis from Sunday 2nd April.


Bíonn beirt chara ag plé na buaicphointí agus na híosphointí a bhaineann le máithreachas i sraith nua ar Raidió Fáilte

Sraith nua shiamsúil í Bantracht de chuid an Chiste Craoltóireachta Gaeilge a léiríonn na buaicphointí agus na híosphointí a bhaineann le máithreachas agus le saol teaghlaigh trí shúile beirt chara, Méabh Nic Alastair & Milène Fegan, a bhfuil páistí óga acu.  Craolfar an chéad chlár den tsraith, atá léirithe ag Macha Media, ar Lá na Máithreacha, Dé Domhnaigh 19 Márta ar 7pm ar Raidió Fáilte.

Tá an tsraith 10-pháirt, déanann Méabh agus Milène plé ar a dtaithí féin mar thuismitheoirí lena linn. Mná macánta, díreacha agus géara iad agus níl aon drogall orthu labhairt ar na rudaí is tábhachtaí sa saol, ceisteanna nach mbíonn siad i gcónaí ar aon intinn fúthu. Ní choinnítear aon rún siar sa tsraith seo.

Cuimsíonn Méabh agus Milène réimse leathan ábhar, idir cheisteanna tromchúiseacha agus ceisteanna éadromchroíocha, ach cothromaíocht ann i gcónaí idir mhaith agus olc. Labhraíonn siad go hoscailte faoi bhuaicphointí agus faoi íosphointí shaol an teaghlaigh. Is ardán é seo le béim a leagan ar chéimeanna éagsúla na tuismitheoireachta, mar shampla ag iompar clainne, ag tógáil naíonán, ag deileáil le tachráin, páistí ag dul ar scoil agus go leor leor eile.

Ar na haíonna speisialta ar an tsraith, tá an t-amhránaí is scríbhneoir Bernadette Morris, an craoltóir Caoimhe Ní Chathail, an múinteoir ióga Nuala Ní Scolláin, an cumadóir Sadhbh Rosenstock, agus daoine eile nach iad.

Rinneadh taifead agus eagarthóireacht ar Bantracht i bpáirt le foireann Raidió Fáilte. Ba é Antaine Ó Donnaile an léiritheoir feidhmiúcháin agus ba iad Milène Fegan agus Méabh Nic Alastair a chomhléirigh agus a chuir an tsraith i láthair. Beidh an sraith ar fáil le híoslódáil ó Soundcloud go seachtainiúil ón Domhnach 2 Aibreán.

© 2024 Northern Ireland Screen. All Rights Reserved