Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

News & Events

Turas Bóthair is back for a brand new series on TG4 tonight



Date Posted: October 13, 2022

Turas Bóthair is back for its fifth series! The Irish Language Broadcast Fund series has lots of new faces this year as well as our good friends, Derry Girls, Alannah & Cara and Conall & Órla, who are full of opinions as usual in Belfast. The six-part series produced by Waddell Media begins tonight (Thursday 13th October) at 8pm on TG4.

Cars across Ireland are rigged with cameras allowing us to eavesdrop on what drivers and their passengers are really talking about.

As well as an array of engaging drivers and their passengers, it features moments of joy and sadness, comedy and tragedy, love and loss, friendship and romance. Drivers and passengers share their personal stories and views on relationships, sex, faith and religion, social media, the environment, contraception, safety walking alone and much more. They also discuss modern terms such as ‘catfishing’, ‘hot girl summer’ and ‘Spermageddon’.

We meet drag queens Annie and Kitty in Dublin, student teachers, Cathal and Dónall in Cork. We get to know sisters Étáin and Máire in Meath, and mná tí Róisín & Patricia in Donegal and Emer and her two children Joe and Niamh in Belfast.

Turas Bóthair was filmed on location in Counties Donegal, Kerry, Cork, Dublin, Meath, Waterford, Clare, Derry and Antrim.


Sraith úrnua de Turas Bóthair anocht ar TG4

Tá Turas Bóthair ar ais don chuigiú sraith! Tá léir mór aghaidheanna úra sa tsraith seo de chuid an Chiste Craoltóireachta Gaeilge i mbliana, chomh maith lenár seanchairde Alannah agus Cara, na Cailíní Dhoire, agus Conall agus Órla atá lán le tuairimí mar a bhíonn, i mBéal Feirste. Tosnóidh an tsraith seo, léirithe ag Waddell Media, anocht (Déardaoin 13ú Deireadh Fómhair) ag 8.i.n. ar TG4.

Tá ceamaraí beaga curtha i gcarranna ar fud na hÉireann sa dóigh is go dtig linn cúléisteacht leis na comhráite a bhíonn idir tiománaithe agus a gcuid paisinéirí.

Chomh maith le tiománaithe agus paisinéirí suimiúla, tá lúcháir agus brón ann, coiméide agus tragóid, grá agus briseadh croí, cairdeas agus rómánsaíocht, aiféaltas agus machnamh. Cluineann muid scéalta pearsanta agus faigheann muid léargas ar an dearcadh atá ag lucht na gcarranna ar réimse leathan ábhar: caidrimh, gnéas, reiligiúin, an timpeallacht, frithghiniúint agus cuid mhór eile. Lena chois sin, fiosraíonn muid na téarmaí is nua-aimseartha ar nós ‘catfishing’, ‘hot girl summer’ agus ‘Spermageddon’.

Buaileann muid le Annie agus Kitty, gur banríonacha draig iad, i mBaile Átha Cliath, agus le Cathal agus Dónall, múinteoirí faoi oiliúint i gCorcaigh. Cuirfimid aithne ar Étáin agus Máire, deirfiúracha i gContae na Mí, agus ar na mná tí, Róisín agus Patricia i nDún na nGall. Beidh cluas le héisteacht againn le hEmer agus a páistí, Joe agus Niamh i mBéal Feirste.

Rinneadh Turas Bóthair a scannánú i gcontaetha éagsúla – Dún na nGall, Ciarraí, Corcaigh, Baile Átha Cliath, An Mhí, Port Láirge, An Clár, Aontroim agus Doire.

© 2024 Northern Ireland Screen. All Rights Reserved