Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

News & Events

TG4 announces multiple commissioning rounds for new children’s channel Cúla4



Date Posted: November 15, 2022

TG4 announced multiple commissioning rounds at Lá na Léiritheoirí, an event organised by TG4 for the independent production sector in Athlone. The commissioning rounds announced will be funded from the additional €7.3m funding approved by the Government for TG4 in Budget 2023.

TG4 will launch a dedicated Cúla4 children’s channel next year. The new channel will include a children’s news service, entertainment, drama, and Irish animation, education content. Some of the new rounds of commissioning announced will be specifically for the Cúla4 channel and in all over €2m will be spent on new programmes and content for children.

Applications are sought for a four-year output contract for entertaining content for children aged between 8 and 12 featuring children or young presenters. Applications are also sought for four-year presentation output contract that is presenter driven and aimed at children under 12 years of age for the new channel.

A history series that will give young audiences an insight into Irish history in an interesting and entertaining way will be commissioned for the new channel and a gameshow format is also sought where schools, clubs or groups of friends can compete against each other.

Other development schemes announced include a drama series for preschool children, a drama series for older children between 8-12 years of age, a development scheme for animation for children between 8-12 years of age and an entertainment format for children.

An ambitious education project to be produced in 2024 will receive development funding aimed at promoting Irish language in schools and to increase Irish-language learning resources available for teachers and students. The focus of the project will be on primary and post-primary schools, with a particular emphasis on supporting the teaching of Irish in schools that are not Gaelscoileanna or Gaeltacht schools. Applications are also sought for short-form educational material aimed at primary school children that would be suitable for the TG4 Foghlaim website or for broadcast on the new Cúla4 channel.

TG4 is also seeking applications from the independent production sector for one-off programmes or series in the following genres: documentary or factual for broadcast in TG4’s prime-time schedule, factual or entertainment for TG4’s core audiences, factual entertainment for families, music entertainment that is not traditional or country music, ideas for young audiences under 35 years olds and other format ideas.

For more information about the new commissioning rounds please visit tg4.ie/coimisiuin.


Babhtaí coimisiúnaithe nua don earnáil neamhspleách fógartha ag TG4 inniu do chainéal nua Cúla4

Ag Lá na Léiritheoirí inniu, ócáid a d’eagraigh TG4 don earnáil neamhspleách léiriúchán, fógraíodh babhtaí coimisiúnaithe nua don mhaoiniú breise €7.3m a cheadaigh an Rialtas do TG4 i mBuiséad 2023. D’fhreastail suas le ceithre scór ionadaí ón earnáil léiriúcháin ar an ócáid a bhí ar siúl i mBaile Átha Luain.

Tá babhtaí nua coimisiúnaithe fógartha do chainéal Cúla4 agus caithfear os cionn €2m ar chláracha agus ábhar nua do pháistí. Tá iarratais á lorg ar ollsoláthar ceithre bliana d’ábhar siamsaíochta do pháistí idir 8 agus 12 bhliain d’aois ina mbeidh páistí nó tallann óg láithreoirí a mheallfaidh an lucht féachana ar an scáileán. Tá iarratais á lorg chomh maith ar ollsoláthar do mhíreanna láithreachais le láithreoir dírithe ar pháistí faoi dhá bhliain déag d’aois don chainéal.

Ba mhaith le Cúla4 sraith staire do dhaoine óga a choimisiúnú a thabharfaidh léargas don lucht féachana ar stair na hÉireann ar bhealach spéisiúil agus siamsúil agus tá smaointe á lorg do sheó cluichí ina mbeidh scoileanna, clubanna nó grúpaí cairde in iomaíocht lena chéile.

Tá scéimeanna eile forbartha fógartha do thograí drámaíochta réamhscoile agus drámaíocht do pháistí níos sine idir 8-12 bhliain d’aois, togra beochana do pháistí idir 8-12 bhliain d’aois agus formáid siamsaíochta do pháistí i ngach aoisghrúpa.

Chun cur le hacmhainní foghlama do mhúinteoirí agus daltaí, tá maoiniú forbartha ar fáil chun tograí oideachais uaillmhianacha a léiriú in 2024 atá dírithe ar an nGaeilge a chur cun cinn i scoileanna. Beifear ag díriú ar bhunscoileanna agus ar iar-bhunscoileanna, agus beidh béim ar leith ar thacú le múineadh na Gaeilge i scoileanna nach Gaelscoileanna nó scoileanna Gaeltachta iad.

Tá iarratais á lorg chomh maith ar ábhar oideachais gearrfhoirme dírithe ar pháistí bunscoile a bheadh feiliúnach don suíomh TG4 Foghlaim nó le craoladh ar chainéal Cúla4. Tá iarratais á lorg chomh maith ag TG4 ón earnáil léiriúchán neamhspleách chun cláir aonair nó sraitheanna a fhorbairt sna réimsí seo a leanas – cláracha faisnéise nó fíorasacha a chraolfar sa phríomhsceideal, cláracha fíorasacha nó siamsúla a chraolfar don chroílucht féachana, siamsaíocht fhíorasach don teaghlach, ceol tradisiúnta agus siamsaíocht cheol nach ceol traidisiúnta nó ceol tíre é, ábhar do dhaoine faoi 35 bliana agus formáidí ginearálta.

Tá tuilleadh eolais faoi na babhtaí le fáil ar tg4.ie/coimisiuin.

© 2024 Northern Ireland Screen. All Rights Reserved