Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

News & Events

Puffin Rock agus Cairde nua to screen at IFI Family Festival



Date Posted: August 17, 2023

PUFFIN ROCK AGUS CAIRDE NUA, the Irish language version of the new animated feature from Derry-based Dog Ears and Kilkenny-based Academy Award-nominated Cartoon Saloon (Wolfwalkers) is screening as part of Irish Film Institute Family Festival 2023 in Dublin, this Sunday 20th of August. Based on the award-winning television series PUFFIN ROCK, the film is the first animated feature to be produced in Northern Ireland.

PUFFIN ROCK AGUS CAIRDE NUA features a host of Irish voice talent including Dónal Mac Giolla Chóill, Mary-Kate Page, Ava Campo, Lorcán Mac Daibhéid, Emer Ní Chléirigh, Peter Eoghan McCormack, Caoimhe Ní Dhaibhéid, Ultan McCloskey Hudson, Ryan Hogan and Ciara McCrickard.

Celebrating Ireland’s magnificent natural environment with themes of belonging, courage, and friendship PUFFIN ROCK AGUS CAIRDE NUA follows family favourites from the animated series Oona, Baba, May and Mossy who are joined by a new cast of characters as Isabelle, Phoenix, and Marvin arrive on the island. When the last Little Egg of the season disappears under mysterious circumstances Oona and her new friends race against time to bring the Little Egg home before a big storm hits Puffin Rock and puts the entire island in danger.

The screenplay for PUFFIN ROCK AGUS CAIRDE NUA was written by Sara Daddy who was Head Writer on the original television series. The film is produced by Paul Young, Tomm Moore, Nora Twomey from Cartoon Saloon and John McDaid and Fionnuala Deane from Dog Ears, with the support of Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund and Screen Fund, Screen Ireland, RTÉ, and BBC Alba. The screenplay was adapted to Irish by Art Hughes with Zoogon producing the Irish language version of the film.

Áine Walsh, Head of the Irish Language Broadcast Fund at Northern Ireland Screen, commented, “The ILBF is delighted to support the Irish language version of this beautiful, animated film. This is a wonderful opportunity for Irish speaking families to enjoy Puffin Rock agus na Cairde Nua for the first time, and we look forward to further screenings which will extend this opportunity to Irish speaking children and families throughout the country.”

The original television series PUFFIN ROCK was nominated for an International Emmy Award and picked up two Kidscreen Awards and a Royal Television Award and was acquired by various broadcasters across the world.

Tickets for the PUFFIN ROCK AGUS CAIRDE NUA screening on Sunday 20th August at 11am can be booked from the IFI website: Irish Film Institute -IFI FAMILY FESTIVAL: PUFFIN ROCK AGUS CAIRDE NUA (GAEILGE)


PUFFIN ROCK AGUS CAIRDE NUA LE TAISPEÁINT AG FÉILE TEAGHLAIGH IFI Beidh

PUFFIN ROCK AGUS CAIRDE NUA an leagan Gaeilge den bheochan úr ó na comhlachtaí Dog Ears, atá lonnaithe i nDoire agus Cartoon Saloon ata lonnaithe i gCill Choinnigh le taispeáint don chéad uair mar chuid d’Fhéile na dTeaghlach Institiúid Scannáin na hÉireann i mBaile Átha Cliatha ar an Domhnach beag seo, 20ú Lúnasa. Bunaithe ar an tsraith teilifíse mór-rachairte PUFFIN ROCK, is é an chéad scannán beochana a bhí léirithe i dTuaisceart Éireann.

Cuid de na guthanna a bhéas le cloisteáil i PUFFIN ROCK AGUS CAIRDE NUA ná Dónal Mac Giolla Chóill, Mary-Kate Page, Ava Campo, Lorcán Mac Daibhéid, Emer Ní Chléirigh, Peter Eoghan McCormack, Caoimhe Ní Dhaibhéid, Ultan McCloskey Hudson, Ryan Hogan agus Ciara McCrickard.

Agus é ag ceiliúradh timpeallacht nadúrtha na hÉireann le téamaí baile, misneach agus cairdeas, leanann PUFFIN ROCK AGUS CAIRDE NUA na carachtar atá aitheanta ón tsraith, Oona, Baba, May agus Mossy. Buaileann muid leis na ‘cairde nua’ atá tar éis teacht chuig an oileán, Isabelle, Phoenix, agus Marvin. Tugann clann Puifíní ubh bheag leo ach tá an ubh imithe go mistéireach. Agus stoirm mhór ag teacht, déanann Oona agus a cairde iarracht teacht ar an ubh agus iad féin a dhéanamh réidh don stoirm, ach an mbeidh siad in ann an ubh, na puifíní agus ar a bharr sin an t-oileán ar fad a shábháil ó thubaiste?

Is í Sara Daddy a scríobh an script scannáin do PUFFIN ROCK AGUS CAIRDE NUA agus is í a bhí mar an príomh scríbhneoir ar an tsraith teilifíse. Is iad Paul Young, Tomm Moore, Nora Twomey ó Cartoon Saloon agus John McDaid agus Fionnuala Deane ó Dog Ears, atá mar léiritheoirí ar an scannán le tacaíocht ó Scáileáin Thuaisceart Éireann (Screen Fund & An Ciste Craoltóireachta Gaeilge), Fís Éireann, RTÉ agus BBC Alba. Is é Art Hughes a scríobh an leagan Gaeilge den script agus is iad Zoogon a léirigh an leagan Gaeilge den scannán.

Dúirt Áine Walsh, Ceannasaí an Chiste Craoltóireachta Gaeilge, “Tá lúchair orainn tacú le léiriú leagan Gaeilge den scannán beochana galánta seo. Is deis iontach é do theaghlaigh sult a bhaint as Puffin Rock agus na Cairde Nua don chéad uair agus táimid ag súil le léirithe eile den scannán amach anseo leis an deis seo a leathnú amach chuig páistí agus teaghlaigh ar fud na tíre.”

Is féidir ticéid a fháil do PUFFIN ROCK AGUS CAIRDE NUA a bhéas á taispeáint ar an Domhnach, 20ú Lúnasa ag a 11in ó shuíomh an IFI: Irish Film Institute -IFI FAMILY FESTIVAL: PUFFIN ROCK AGUS CAIRDE NUA (GAEILGE)

© 2025 Northern Ireland Screen. All Rights Reserved