Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

News & Events

Paul Muldoon documentary airs on BBC Two NI on Sunday



Date Posted: January 27, 2023

Armagh-born, Pulitzer Prize winner Paul Muldoon is the focus of a new film, Paul Muldoon: Laoithe’s Liricí on Sunday 29th January at 10:30pm on BBC Two Northern Ireland. The bilingual feature-documentary was produced by Below the Radar TV with support from Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund and the Broadcasting Authority of Ireland.

Through words specially written by the poet himself, it features collaborations with a stellar line-up from the world of music, film and TV including Paul Simon, Bono, Ruth Negga, Liam Nesson, Van Morrison, Moya Brennan and Iarla Ó Lionáird.

Muldoon is a global great of contemporary culture. For him, music matters almost as much as poetry and he sees little difference between a poem and song lyrics. In the programme, directed by acclaimed filmmaker, Alan Gilsenan, viewers are taken on a journey, through words composed by himself exploring life and language in a series of musical collaborations with his acquaintances from film and music.

Narrated by Paul, key moments in his personal and creative life are explored by many of the musicians and artists Paul has worked alongside. His work, and world, on both sides of the Atlantic, over the course of his life which began as a radio producer with BBC in Belfast and culminated with his Chair of Poetry in Princeton University, is reflected in the range of special guests and contributors who participate in the telling of Muldoon’s life.

The poet himself said: “I was thrilled when director Alan Gilsenan fell in with my vision of a film that would have a much less predictable aspect. Thrilled, too, that Below the Radar along with BBC and TG4 were so enthusiastic in their support of our determination to do something out of the ordinary.”


Clár faisnéise ar Paul Muldoon le craoladh ar BBC 2 ar an Domhnach beag seo

Is é Paul Muldoon, a rugadh in Ard Mhacha agus a bhfuil Gradam Pulitzer buaite aige, fócas scannán úr Paul Muldoon: Laoithe’s Liricí  ar BBC Two Northern Ireland Dé Domhnaigh 29 Eanáir ag 10.30pm. Bhí an clár faisnéise dátheangach seo léirithe ag  Below The Radar TV le tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann agus ó Údarás Craolacháin na hÉireann.

Le focail a scríobh an file féin, bíonn comhoibriú le sonrú idir é agus sraith de réaltaí as saol an cheoil, na scannán agus na teilifíse lena n-áirítear Paul Simon, Bono, Ruth Negga, Liam Nesson, Van Morrison, Moya Brennan agus Iarla Ó Lionáird.

Tá clú domhanda ar Muldoon as a chuid éachtaí i réimse an chultúir chomhaimseartha. Ag Paul, tá an ceol beagnach chomh tábhachtach leis an fhilíocht agus is beag, dar leis, idir dán agus liricí amhráin. Sa chlár seo, a stiúir Alan Gilsenan, déantóir iomráiteach scannán, imíonn muid ar thuras a threoraíonn focail an fhile féin agus téann muid a thaiscéaladh an tsaoil agus na teanga i sraith de chomhshaothair cheoil in éineacht lena lucht aitheantais scannáin agus ceoil.

Is é Paul féin atá ag tráchtaireacht agus fiosraíonn an iomad ceoltóir agus ealaíontóir a d’oibrigh leis buaicphointí ina shaol pearsanta agus cruthaitheach. Faigheann an lucht féachana léargas ar a shaothar agus ar a shaol oibre in Éirinn agus san Oileán Úr a thosaigh mar léiritheoir raidió leis an BBC i mBéal Feirste agus a bhain barr feabhais amach nuair a ceapadh é ina Ollamh le Filíocht in Ollscoil Princeton. Réimse d’aíonna agus de rannpháirtithe speisialta a insíonn scéal bheatha Muldoon.

Arsa an file féin: “Bhí lúcháir an domhain orm nuair a d’aontaigh Alan Gilsenan le m’fhís de scannán nach mbeadh ar dhóigh ar bith intuartha. Lúcháir fosta go raibh Below the Radar, le cois BBC agus TG4, chomh díograiseach sin lena dtacaíocht agus lena ndúthracht le rud éigin as an ghnáth a dhéanamh.”

 

 

 

 

© 2024 Northern Ireland Screen. All Rights Reserved