Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

News & Events

New series of Ceol ón Chlann begins on TG4



Date Posted: September 2, 2022

The new Irish Language Broadcast Fund series of Ceol ón Chlann explores six famous Irish musical families who have brought their music to the four corners of the world. Produced by Táin Media, the series begins on Sunday 11th September at 10:30pm on TG4.

Ceol ón Chlann gives an insight into the musical journey that each family has taken and the influence of previous generations on their family’s musical heritage.

Each story is presented through rare footage from the archives of BBC, ITV, TG4 and RTÉ, and previously unseen private family footage. Featuring musical performances and exclusive interviews with family members, contemporary musicians and well-known broadcasters offering unique perspectives throughout the series on the families.

Feilimí O’Connor, Executive Producer & Director, said: “The documentary series offers a fresh insight into the heritage of these unique Irish families, their legacy and their continuing significance in modern Ireland’s musical tapestry.”

The series features The Smyth Family (Seán, Breda and Cora – Lúnasa, Lord of the Dance), The Dillons (Cara and Mary), Muintir Uí Cheannabháin (Pól and Caitríona), The Glackins (Paddy, Kevin and Doireann), The Vallelys (Buille and Lúnasa) and The Haydens (Cathal & Stephen – Four men and a Dog).

Ceol ón Chlann is narrated by Pádraigín Ní Uallacháin and also features many of Ireland’s most respected musicians and broadcasters including Daniel O’Donnell, Matt Molloy, Máirtín O’Connor, Lynette Fay, John Francis Flynn, Mairéad Ní Mhaonaigh, Doireann Ní Ghlacáin, Gino Lupari, Alan Kelly, Áine Hensey, Niall Vallely, Caoimhín Vallely, Neil Martin, Brian Mullen and many more.


Sraith úr de Ceol ón Chlann ag tosú ar TG4

Tá an-rath ar Ceol ón Chlann ar TG4 ó thosaigh sé, agus sa cheathrú sraith, atá maoinithe ag an Chiste Craoltóireachta Gaeilge, déanfar cíoradh ar cheol agus ar shaol sé cinn de chlanna cáiliúla ceoil a bhfuil ceithre chearn an domhain siúlta acu lena gcuid ceoil. Tosaíonn an tsraith úr seo, atá léirithe ag Táin Media Dé Domhnaigh 11ú Meán Fomháir ag 10.30.i.n ar TG4.

Tabharfar léargas sa tsraith nua ar thuras ceoil gach aon chlann acu agus an tionchar a bhí ag na glúnta a chuaigh rompu ar oidhreacht cheoil a gclainne.

Insítear gach scéal le píosaí uathúla scannánaíochta ó chartlanna BBC, ITV, TG4 agus RTÉ chomh maith le píosaí scannánaíochta príobháideacha na gclann féin. Is sraith í ina bhfuil léirithe ceoil agus agallaimh eisiacha le baill chlainne, ceoltóirí comhaimseartha agus craoltóirí mór le rá, agus dearcadh ar leith á thabhairt ar gach clann i rith na sraithe.

“Tugtar léargas úrnua sa tsraith faisnéise ar chultúr dúchasach ceoil na gclann Éireannach seo, a n-oidhreacht agus a dtábhacht leanúnach i gceol comhaimseartha ilghnéitheach na hÉireann”. (Feilimí O’Connor – Stiúrthóir & Léiritheoir Feidhmeach)

Páirteach i sraith IV tá: Clann Mhic Gabhann (Lúnasa, Lord of the Dance), Clann Uí Dhiolúin (Cara Dillon & Mary Dillon), Muintir Uí Cheannabháin (Pól Ó Ceannabháin & Caitríona Ní Cheannabháin), Clann Uí Ghlacáin, Clann Vallely (Buille, Lúnasa) agus Clann Hayden (Four Men and a Dog) – clanna clúiteacha Gaelacha a sheinneann ceol traidisiúnta na hÉireann ar fud na cruinne.

Is í Pádraigín Ní Uallacháin aithriseoir gach cláir sa tsraith, agus le feiceáil inti tá cuid de na sárcheoltóirí agus craoltóirí is bisiúla dá bhfuil ann, leithéidí Daniel O’Donnell, Matt Molloy, Máirtín O’Connor, Lynette Fay, John Francis Flynn, Mairéad Ní Mhaonaigh, Doireann Ní Ghlacáin, Gino Lupari, Alan Kelly, Áine Hensey, Niall Vallely, Caoimhín Vallely, Neil Martin, Brian Mullen agus neart eile nach iad.

© 2024 Northern Ireland Screen. All Rights Reserved