Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

News & Events

New ILBF series tells the story of GAA silverware on TG4



Date Posted: September 21, 2022

In a new Irish Language Broadcast Fund series, Scéalta na gCorn, presenter Gráinne McElwain tells the story behind the country’s GAA silverware. The six-part series produced by Imagine media will begin on Wednesday 14th September at 8:30pm on TG4.

Ask anybody in Ireland about Liam or Sam and the chances are they will know you are referring to the trophies presented to the All-Ireland senior hurling and football champions. But what about the 2,000 other pieces of GAA silverware around the country, how many of us know the stories of these cups, how they came into existence or how they receive their names?

Scéalta na gCorn sees Gráinne McElwain travel across Ireland visiting clubs and county grounds, learning the lesser-known stories behind our nation’s trophies. She will find out how some cups are named after Irish revolutionary patriots such as Roger Casement and Terence McSwiney; clergy, a prominent GAA administrator and grassroots members.

The series starts with Gráinne visiting the nation’s capital to learn about the oldest known GAA trophy – the Silvermines Cup. Later she travels to Monaghan to hear the transatlantic story behind the American Cup. All roads then lead to the saffron county to find out about the Volunteer in Cup, a hurling stronghold. Afterwards Gráinne explores the most northerly county, Donegal, to discover the north-west historical links to both hurling and camogie. Gráinne then journeys to her adopted home county of Galway to learn about one of the oldest trophies in the country, The Odlums Irish Purity Cup. Finally, Scéalta na gCorn finishes in rebel Cork, triumphant All Ireland winners, to find out about some of the silverware honouring patriots, such as John ‘Flyer’ Nyhan.

Scéalta na gCorn airs on Wednesday 14th September at 8:30pm on TG4.


Insíonn sraith úr de chuid an CCG na scéalta taobh thiar d’earraí airgid CLG na tíre

Inseoidh Gráinne McElwain na scéalta taobh thiar d’earraí airgid an CLG i sraith úr de chuid an Chiste Craoltóireachta Gaeilge.  Curfar tús leis an tsraith nua de sé pháirt seo arna léiriú ag Imagine Media ar an Céadaoin 14ú Meán Fómhair ag 8.30.i.n. ar TG4.

Má chuireann tú ceist ar aon duine in Éirinn fá Liam nó Sam, gach seans go bhfuil siad ar an eolas faoin dá corn seo a bhronntar ar churaidh Uile-Éireann san iomáint agus sa pheil. Ach cad faoin 2,000 earraí airgid CLG eile ar fud na tíre, an bhfuil scéalta na gcorn sin ag mórán againn, cá as a dtáinig siad agus cén dóigh a bhfuair siad a gcuid ainmneacha?

Sa tsraith seo, Scéalta na gCorn, taistealaíonn láithreoir Gráinne McElwain trasna na tíre ag tabhairt cuairte ar chlubanna agus páirceanna contae, ag foghlaim na scéalta is lú cloiste faoi trófaithe an náisiúin. Gheobhaidh sí amach faoi na coirn a n-ainmnítear i gcuimhne ar thírghrátheoirí na hÉireann ar nós Ruairí Mhic Áismint agus Tarlach Mac Suibhne, an dóigh go bhfuil trófaithe eile ainmnithe i ndiaidh cléire, cuid eile a bhfuil ainm riarthóir CLG ceangailte leofa a thug an méid sin d’fhorbairt na heagraíochta.

Tosaíonn an tsraith le Gráinne McElwain ar cuairt i bpríomhchathair an náisiúin. Foghlaimíonn sí fán trófaí is sine CLG atá ar eolas – Corn Bhéal Átha Gabhann. Indiadh seo téann Gráinne go Muineacháin agus cluineann sí an scéal trasatlantach fá Chorn Mheiriceá. Tugann gach bóthar a fhad leis an chontae chróchbhuí in eagrán 3 de Scéalta na gCorn. Indiadh seo, téann Gráinne chuig an chontae is faide ó thuaidh – Dún na nGall-  áit a bhfaigheann sí amach go bhfuil naisc stairiúla ag an taobh thiar thuaidh leis an iomáint agus camógaíocht beirt. Ansin téann Gráinne chun na Gaillimhe, contae a bhfuil baile déanta aici de. Foghlaimíonn sí fá cheann de na trófaithe is sine sa tír ansin, an Odlums Irish Purity Cup. Críochnaíonn an tsraith Scéalta na gCorn i gcontae na reibiliúnach, buaiteoirí éachtacha i gcraobhacha Uile-Éireann sa pheil, san iomáint agus sa chamógaíocht thar na blianta. I gcontae atá ar maos sa stair, tá fonn ar Ghráinne fáil amach fá chuid de na hearraí airgid i gcuimhne ar thírghráthóirí ar nós John ‘Flyer’.

Craolfar Scéalta na gCorn go seachtainiúil ar TG4 ag tosú 14ú Meán Fómhair 2022 ar 8.30i.n.

© 2024 Northern Ireland Screen. All Rights Reserved