Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

News & Events

Irish language radio series explores how writing heals trauma



Date Posted: August 8, 2023

Over four weeks, budding writer Conor Torbóid explores the gift of healing through writing in a new Irish Language Broadcast Fund series, Scríbhneoirí an tSléibhe le Conor Torbóid, about a Belfast-based creative writing group which was set up to tackle mental health problems faced by members of the community. Produced by Corcra Media for BBC Gaeilge and RTÉ Raidió na Gaeltachta, the series begins on Tuesday 15th August at 7:30pm on BBC Radio Ulster.

Conor looks at intergenerational trauma in a post conflict society. He begins his journey talking to writer Feargal Mac Ionnrachtaigh, director of Glór na Móna. Feargal was one of the founding members of Féile na gCloigíní Gorma, a health and wellbeing festival in Belfast out of which Scríbhneoirí an tSléibhe (Writers of the Mountain) was born. Over the following weeks he talks to Nuala Ní Scolláin, Fionnuala Ní Mhealláin, and Seán Johnboy Ó Muireagáin – each of whom have written poetry or stories.

Through these writings, Conor aims to explore Northern Ireland’s history, intergenerational trauma and how it manifests in today’s society in a bid to expand on his own understanding of the society into which he was born twenty two years ago.


Pléann sraith úr raidió Gaeilge bua an leighis tríd an scríbhneoireacht

Thar cheithre seachtaine, fiosraíonn an t-ábhar scríbhneora Conor Torbóid bua an leighis tríd an scríbhneoireacht i sraith úr de chuid an Chiste Craoltóireachta Gaeilge, Scríbhneoirí an tSléibhe le Conor Torbóid . Tá an tsraith bunaithe ar éispéiris agus ar scríbhneoireacht chruthaitheach Scríbhneoirí an tSléibhe, grúpa scríbhneoireacht chruthaitheach lonnaithe i mBéal Feirste a bunaíodh le dul i ngleic le fadhbanna meabhairshláinte atá ag daoine sa phobal. Is iad Corcra Media a léirigh an tsraith seo ar son BBC Gaeilge agus RTÉ Raidió na Gaeltachta, a thosaíonn Dé Mháirt 15ú Lúnasa ag 7.30 i.n ar BBC Raidió Uladh.

Amharcann Conor ar an tráma idirghlúine i sochaí iarchoimhlinte. Cuireann Conor tús lena aistear ag caint leis an scríbhneoir Feargal Mac Ionnrachtaigh, Stiúrthóir Ghlór na Móna. Bhí Feargal ar bhunaitheoirí Féile na gCloigíní Gorma, féile sláinte agus folláine i mBéal Feirste ar eascair Scríbhneoirí an tSléibhe uaithi. Sna seachtainí dár gcionn sin, labhraíonn sé le Nuala Ní Scolláin, Fionnuala Ní Mhealláin, agus Seán Johnboy Ó Muireagáin – daoine a bhfuil filíocht nó scéalta scríofa acu go léir.

Tríd an scríbhneoireacht seo, is mian le Conor stair Thuaisceart Éireann, an tráma idirghlúine agus an dóigh a léiríonn sé é féin i sochaí an lae inniu a fhiosrú, ar mhaithe le cur lena thuiscint féin ar an tsochaí inar rugadh é dhá bhliain agus fiche ó shin.

© 2024 Northern Ireland Screen. All Rights Reserved