Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

News & Events

Irish Language Broadcast Fund documentary follows boxer Seán McComb as he pursues a professional boxing title



Date Posted: April 19, 2023

A new Irish Language Broadcast Fund documentary goes inside and outside the ring with rising Belfast Boxer Seán McComb as he sets out on his pursuit of winning a professional title. Produced by DoubleBand Films, CIOTÓG airs on Wednesday 26th April at 9:30pm on TG4.

CIOTÓG, translating as Southpaw, follows Seán’s journey over a period of three years as he experiences highs and lows inside the ring and some momentous changes in his personal life.

The hour-long film gets behind-the-scenes access to Seán’s gruelling training regime and captures the action before, during and after his fights. It follows him as he trains in Glasgow with fellow boxers Tyrone McKenna, Tyrone McCullough and Paddy Barnes and joins him as he walks from his home in west Belfast to the nearby Falls Park for a major boxing contest as part of Féile an Phobail.

CIOTÓG also captures Seán’s life during the Covid-19 pandemic, when his professional life was forced to take a back seat but made way for new beginnings in his personal life as he and his fiancée welcomed their first child into their lives.

Seán talks openly in the film about what boxing has meant to him and his family, how he found growing up in west Belfast, his hopes for the future and why he feels it is important that he gives something back to his local community.

As well as hearing from Seán himself, the programme also spends time with Seán’s fiancée, Dearbhlá, family, friends and fellow boxers who each give a picture of the man behind the gloves as he makes his way from amateur local boxing hero to a professional title contender.


Leanann clár faisnéise úr de chuid an Chiste Chraoltóireachta Gaeilge dornálaí Feirsteach Seán McComb agus é sa tóir ar chraobh proifisiúnta dornálaíochta

Téann clár faisnéise úr de chuid an Chiste Chraoltóireachta Gaeilge do BBC Gaeilge taobh istigh agus taobh amuigh den fháinne le dornálaí Feirsteach Seán McComb atá ag teacht chun cinn agus é sa tóir ar chraobh proifisiúnta dornálaíochta.  . Léirithe ag DoubleBand Films, craolfar CIOTÓG ar TG4 Dé Céadaoin an 26 Aibreán ag 9.30 i.n.

Leanann CIOTÓG aistear Sheáin thar tréimhse trí bliana. Tá idir bhuaicphointí agus ísealphointí san fháinne aige agus tagann athruithe ollmhóra ar a shaol pearsanta fosta.

Faigheann an scannán uair a chloig seo léargas ar leith ar réim dhian traenála Sheáin agus súil ar an aicsean roimh, i rith agus i ndiaidh troda. Leanann an clár Seán agus é ag traenáil i nGlaschú lena chomhdhornálaithe Tyrone McKenna, Tyrone McCullough agus Paddy Barnes, agus téann muid leis agus é ag siúl an achair ghearr óna theach in iarthar Bhéal Feirste go dtí Páirc na bhFál agus comórtas mór dornálaíochta atá mar chuid de Féile an Phobail.

In CIOTÓG feictear saol Sheáin i rith phaindéim Covid-19 agus a shlí bheatha curtha ar an mhéar fhada, ach tús curtha le ré úr ina shaol pearsanta agus é féin agus a fiancée ag súil lena gcéad pháiste.

Labhraíonn Seán go hoscailte sa scannán faoi luach na dornálaíochta dó féin agus dá mhuintir, faoin dóigh a ndeachaigh a thógáil in iarthar Bhéal Feirste i bhfeidhm air, faoina dhóchas don todhchaí agus faoin fáth gur mian leis rud éigin a thabhairt ar ais do phobal áitiúil s’aige.

Chomh maith le cluinstin ó Sheán féin, caitheann an clár am lena fiancée Dearbhlá, lena theaghlach, lena chairde agus lena chomhdhornálaithe, le pictiúir iomlán a chruthú den fhear taobh thiar de na miotóga agus é ar a aistear ó laoch dornálaíochta amaitéaraí áitiúil go hiomaitheoir proifisiúnta craoibhe.

© 2024 Northern Ireland Screen. All Rights Reserved