Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

News & Events

A brand new series of Trad ar Fad! is now available on BBC iPlayer



Date Posted: December 21, 2022

The fourth series of Trad ar Fad! is available on BBC iPlayer from today (Wednesday 21st December) and airs on BBC Two Northern Ireland on Monday 9th January at 10pm. Produced by Sonas Production, the four-part Irish Language Broadcast Fund series embarks on a journey to one of the biggest and most exciting folk festivals in the world, Lorient Interceltique Festival.

The Lorient Interceltique Festival has a long connection with Ireland as many of its visiting artists reside in Ulster, and these artists have participated in events and competitions since the festival was formed 50 years ago. Trad ar Fad follows the festival over ten days, capturing everything from the inaugural Grand Parade, outdoor concerts, street performances and Fest Noz dancing.

Presented by broadcaster and singer Caoimhe Ní Chathail, the series captures all aspects of the energetic and momentous music, showcasing the best talent originating in the Celtic nations. Musicians from countries and regions include Scotland, Ireland, Wales, Cornwall, the Isle of Man, Brittany, Galicia, and Asturias.

The series also features the best musical performances from world class bands that are performing at different venues throughout the festival such as The Brian Finnegan Hunger of the Skin Band, The Karen Casey Band, Ímar, Mec Lir, Skolvan and many more.


Trad ar Fad!- Féile Idircheilteach Lorient don BBC

Beidh an ceathrú sraith de Trad ar Fad! ar fáil ar BBC iPlayer ó inniu (Dé Céadaoin 21 Nollaig). Léirithe ag Sonas Production, tá an tsraith ceithre chlár ón gCiste Craoltóireachta Gaeilge ag tabhairt faoi thuras chuig ceann de na féilte is mó agus is bisiúla ar domhan, Lorient Interceltique Festival.

Tá dlúthbhaint ag an Fhéile Idircheilteach Lorient le hÉirinn agus le Cúige Uladh ach go háirithe le fada an lá agus tá ceoltóirí Ultacha ag glacadh páirte in imeachtaí agus i gcomórtais ó bunaíodh an fhéile caoga bliain ó shin. Leanann Trad ar Fad! an fhéile don deich lá, ón mhórshiúl a chuireann tús leis an cheiliúradh go ceolchoirmeacha taobh amuigh, seisiúin, taispeántais sráide agus damhsa Fest Noz.

Leanann muid an craoltóir agus amhránaí Bhéal Feirste, Caoimhe Ní Chathail, agus í ag an fhéile don chéad uair riamh. Cuirtear léirithe ceoil inár láthair agus faigheann muid blaiseadh beag den aicsean agus muid ag spaisteoireacht thart ar an fhéile spleodrach seo. Tá ceoltóirí linn de chuid na hAlban, na hÉireann, na Breataine Bige, Chorn na Breataine, Mhanann, na Gailíse agus na hAstúirise. Chomh maith leis sin tá léirithe ceoil againn ó chuid de na bannaí ceoil is fearr ar domhan agus siad ag seinm ag ionaid éagsúla de chuid nab féile, The Brian Finnegan Hunger of the Skin Band, The Karen Casey Band, Ímar, Mec Lir, Skolvan agus go leor eile ina measc.

© 2025 Northern Ireland Screen. All Rights Reserved