Scéalta na gCorn – Series 3 on TG4

Date Posted: April 16, 2025
Na scéalta taobh thiar d’earraí airgid CLG na tíre
Sraith 6 chuid do TG4 á cur i láthair ag Gráinne McElwain
Léirithe ag Imagine Media, le tacaíocht ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileáin TÉ, craolfar Scéalta na gCorn – Sraith 3 ar TG4 gach seachtain, le toiseacht ar an 17ú Aibreán, 2025, ar 8.00in.
Sa tríú sraith seo de Scéalta na gCorn, feictear Gráinne McElwain ag bualadh an bhóthair arís agus í ag tabhairt cuairt ar phobail áitiúla CLG ar fud na tíre, le cluinstin faoi na hearraí airgid atá le fáil agus na daoine speisialta a bhfuil siad ainmnithe astu. Foghlaimíonn sí faoi chuid de na sean-trófaithe atá ainmnithe as tírghráthóirí na hÉireann, ar nós Chorn Uí Dhálaigh, chomh maith le bheith ag éisteacht le scéalta faoi samhaiscigh níos deireanaí de chuid an CLG – amhail Jim McGuigan – agus faoi na coirn atá maisithe lena n-ainmneacha anois.
Sa sraith tarraingteach seo, téann Gráinne ar thuras chun teacht ar na scéalta taobh thiar de choirn na gcluichí Gaelacha, achan ceann acu báite sa stair, oidhreacht agus bród áitiúl. Ó Aontroim go Luimneach, cuireann sí aithne ar fhigiúirí spreagúla agus breathnaíonn sí ar shaol agus ionchur iad siúd a bhfuil na coirn seo i gcuimhne – ó laochra de chuid an CLG agus daoine mór le rá ón phobal go bhfigiúirí polaitiúla agus mórphearsaí chultúrtha. San áireamh sna buachphointí tá leagáid Jarlarh Burns in Ard Mhacha, bunchloch seanda an spóirt i gcontae na Mí, déantáin luachmhaire sa Cheatharlach, comóradh ar laochra iománaíochta Luimnigh agus neart eile nach iad.
The stories behind the country’s GAA silverware
A six-part series for TG4 presented by Gráinne McElwain.
Produced by Imagine Media, with support from NI Screen’s Irish Language Broadcast Fund, Scéalta na gCorn – Series 3 will broadcast on TG4 weekly, starting April 17th, 2025, at 8.00pm.
This third series of Scéalta na gCorn sees Gráinne McElwain hit the road once again, as she travels around the country visiting local GAA communities, to hear about the silverware on offer and the special people that they are named after. She learns about some of the older trophies named after Irish patriots, such as the Daly Cup, as well as listening to stories about more recent stalwarts of the GAA – like Jim McGuigan – and the cups that their names now adorn.
In this compelling series, Gráinne embarks on a journey to uncover the powerful stories behind Gaelic games trophies, each steeped in history, legacy, and local pride. From Armagh to Limerick, she meets inspiring figures and explores the lives and contributions of those commemorated through silverware—ranging from GAA legends and community heroes to political figures and cultural icons. Highlights include the legacy of Jarlath Burns in Armagh, the ancient roots of sport in Meath, treasured artifacts in Carlow, tributes to hurling greats in Limerick and more.