Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

News & Events

Rúin na bPortach arrives on BBC



Date Posted: January 17, 2024

Rúin na bPortach

Starts Sunday 21 January 2024, 10pm

BBC Two Northern Ireland & BBC iPlayer

 

A new series, Rúin na bPortach, visits bogs and peatlands across the island of Ireland and throughout the world, exploring their role in the global ecosystem and how their distinct and wild beauty has shaped our culture and identity.

Starting on Sunday 21 January on BBC Two Northern Ireland at 10pm and BBC iPlayer, Rúin na bPortach was made for BBC Gaeilge and TG4 by Below The Radar TV with support from Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund.

Peatlands store more carbon than all the forests of the world combined, yet cover only three per cent of our planet.

Presenter Cormac Ó hÁdhmaill takes us on a journey from our beautiful native bogs at home to the boreal peatlands of Canada, discovering how changes in the peat industry are affecting people’s way of living.

In episode one, Professor Schouten campaigns to save Irish bogs, while Annemarie Ní Churreáin draws inspiration from Donegal’s Poisoned Glen, and Cormac explores the belief in peat as a renewable resource in Finland. In the second episode, Cormac discusses prehistoric human remains found in Irish bogs with Eamonn Ned Kelly at the National Museum of Ireland, while the final episode features bogland science and restoration experts and their work.

Rúin na bPortach is a Below the Radar TV, Mac TV, and Idéacom International UK-Canada co-production for BBC Northern Ireland, TG4, BBC Alba, Radio-Canada and RTBF.  An English language version Secrets In The Peat will be broadcast on BBC Northern Ireland later this year.

The series received funding from Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund, Screen Scotland, and the Canada Media Fund, and was also supported by Highlands and Islands Enterprise and the Celtic International Fund.

________________________________________________________________

Rúin na bPortach

Ag tosnú Dé Domhnaigh 21 Eanáir 2024, 10in

BBC Two Northern Ireland & BBC iPlayer

 

Tugann sraith nua dar teideal, Rúin na bPortach, cuairt ar phortaigh agus móinteáin fud fad  na hÉireann agus an domhain, ag fiosrú an ról atá acu in éiceachóras na cruinne agus mar a mhúnlaigh a n-áilleacht fhiáin uathúil ár gcultúr agus féiniúlacht.

Craolfar céad eagrán na sraithe ar an Domhnach 21 Eanáir ag 10in ar BBC Two Northern Ireland agus an BBC iPlayer. Below the Radar TV a léirigh Rúin na bPortach do BBC Gaeilge agus TG4 le tacaíocht ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileáin Thuaisceart Éireann.

Tá níos mó carbóin sna portaigh ná mar atá i bhforaoisí an domhain ar fad, cé nach gclúdaíonn siad ach trí faoin gcéad den phláinéad.

Tugann an láithreoir Cormac Ó hÁdhmaill ar aistear muid ó thailte portaigh álainn s’againn féin chuig móinteáin bóireacha Cheanada, ag fiosrú na bealaí ina bhfuil na hathruithe ar thionscal na móna ag dul i bhfeidhm ar an saol mór.

Insan chéad eagrán insíonn Matthijs Schouten dúinn faoina chuairt go hÉirinn sna 1970í a spreag a fheachtas chun bogaigh na hÉireann a tharrtháil.  Castar an file Annemarie Ní Churreáin orainn a thógann inspioráid ón tírdhreach ag Cró Nimhe Dhún na nGall, agus tugann Cormac cuairt ar an Fhionlainn áit a gcasann sé le daoine a chreideann gur foinse in-athnuaite ó cheart í an mhóin. Sa dara clár den tsraith labhraíonn Eamonn Ned Kelly linn ag Ard-Mhúsaem na hÉireann faoi na hiarsmaí daonna iontacha atá caomhnaithe inár bportaigh agus faoi na leideanna a thugann siad faoin saol mar a bhí.  Sa chlár deireanach buailimid le cuid de na saineolaithe is mó ar domhan ó thaobh eolaíocht agus athshlánú na bportach.

Is comhléiriúchán de chuid Below The Radar TV, Mac TV agus Idéacom International é Rúin na bPortach, comhléiriúchán a rinneadh idir an Ríocht Aontaithe agus Ceanada do BBC Northern Ireland, TG4, BBC Alba, Radio-Canada agus RTBF. Beidh leagan Béarla den chlár, ‘Secrets In The Peat’ á chraoladh ar BBC Northern Ireland níos déanaí sa bhliain.

Fuair an tsraith maoiniú ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileáin Thuaisceart Éireann, Screen Scotland, agus Canada Media Fund. Fuarthas tacaíocht freisin ó Highlands and Islands Enterprise agus ón Chiste Cheilteach Idirnáisiúnta.

 

© 2024 Northern Ireland Screen. All Rights Reserved