Educational Voice Introduces Ruaille & Buaille: Interactive Irish Language Maths Series
Date Posted: November 12, 2024
Educational Voice is excited to unveil Ruaille & Buaille, a vibrant new Irish language mathematics series for primary school students. This engaging series, funded by Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund, is designed to make learning maths both enjoyable and interactive.
Ruaille & Buaille explores Key Stage 1 and Key Stage 2 curriculum topics, focusing specifically on shape and space. Led by two lively maths monsters, each episode takes young viewers on imaginative problem-solving adventures, making maths concepts approachable and fun.
Accessible, Interactive, and Fun
Created to support a strong foundation in spatial reasoning and geometry, Ruaille & Buaille offers:
● Comprehensive coverage of shape and space topics for primary school maths
● Interactive activities designed to reinforce learning
● A unique blend of engaging storytelling and educational content
Educational Voice is delighted to contribute to the rich Irish language educational landscape through this innovative project, thanks to the support from Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund.
A Free Resource for Schools
Ruaille & Buaille will be freely available for all primary schools across Northern Ireland and beyond. Teachers and students can access the series on the Learning Mole website.
“We’re thrilled to bring this interactive learning tool to young learners and foster a love for maths through engaging storytelling,” said Michelle Connolly. “This series is a unique addition to Irish language education, empowering students and enriching classroom resources.”
For more information about Ruaille & Buaille, please contact Michelle Connolly at:
● +44 7733 548283
Ruaille & Buaille: Sraith Idirghníomhach Mhata i nGaeilge seolta ag Educational Voice
Tá lúcháir ar Educational Voice Ruaille & Buaille a sheoladh, sraith nua mhata i nGaeilge do dhaltaí bhunscoile. Tá sé de sprioc ag an tsraith spreagúil seo, arna maoiniú ag Ciste Craoltóireachta Gaeilge Northern Ireland Screen, foghlaim na matamaitice a dhéanamh spraíúil agus idirghníomhach.
Baineann Ruaille & Buaille le hábhair churaclaim Phríomhchéim 1 agus Phríomhchéim 2, le fócas faoi leith ar chruthanna agus ar spásanna. I ngach eipeasóid, téann daltaí ar eachtraí le beirt arrachtaí fhuinniúla a mhíníonn cúrsaí mata ar bhealach simplí agus spraíúil.
Éasca, Idirghníomhach agus Spraíúil
Cruthaíodh Ruaille & Buaille chun bunús láidir a thabhairt do pháistí mar a bhaineann le réasúnú spásúil agus leis an gheoiméadracht, agus áirítear ann :
● Plé cuimsitheach ar ábhair a bhaineann le cruthanna agus spás do churaclam mata na bunscoile
● Ceachtanna idirghníomhacha chun tacú leis an fhoghlaim
● Meascán álainn de scéalaíocht spreagúil agus d’ábhar oideachasúil
Tá lúcháir ar Educational Voice cur le comhthéacs saibhir an oideachais trí Ghaeilge leis an tionscnamh nuálaíoch seo, a bhuíochas le Ciste Craoltóireachta Gaeilge Northern Ireland Screen.
Acmhainn saor in aisce do Scoileanna
Cuirfear Ruaille & Buaille ar fáil saor in aisce do gach bunscoil i dTuaisceart Éireann agus níos faide i gcéin. Tá an tsraith ar fáil do mhúinteoirí agus do dhaltaí ar shuíomh gréasáin LearningMole.
“Tá muid an-sásta an uirlis idirghníomhach foghlama seo a chur ar fáil d’fhoghlaimeoirí óga agus grá don mhatamaitic a chothú iontu trí mheán na scéalaíochta,” a dúirt Michelle Connolly. “Cuirfidh an tsraith seo go mór leis an oideachas trí Ghaeilge, le cumhachtú daltaí agus le saibhriú acmhainní ranga.”
Tuilleadh eolais faoi Ruaille & Buaille ar fáil ó Michelle Connolly ag:
● +44 7733 548283