Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

News & Events

Dúil sna Dánta



Date Posted: May 8, 2024

 

In advance of the upcoming A Level and Leaving Certificate exams in Irish TG4 Foghlaim, with support from Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund, has launched a new 25-part digital learning resource for students and teachers.

The online series “Dúil sna Dánta” by Macha Media is designed to help A Level and Leaving Certificate students with the poetry section of the syllabus and improve their understanding of poems written by renowned Irish poets such as Máire Mhac an tSaoi, Cathal Ó Searcaigh, Máirtín Ó Direáin, and Seán Ó Ríordáin. Presenters Caitríona Nic an tSaoir and Aimée Nic Chonaing give helpful advice on analysing poetry through a series of short films.

Speaking about the project, series producer and director Dr Antaine Ó Donnaile said:

“This series will be of major benefit to students studying Irish for A Level, as well as those studying Irish for the Leaving Certificate.  The poems chosen are specified on the A Level curriculum, and students in the south will also be able to use them for the ‘Filíocht Roghnach’ section of the Leaving Certificate.

The films will be very useful for students, who will be able to use them in their own time as they prepare for exams.  They will also be extremely helpful for teachers, who will be able to base a lesson on our treatment of each poem.

Each poem has two films associated with it, a reading in full in the dialect in which it was written, and literary analysis of the work itself, written by Fearghal Mag Uiginn.  We are delighted with the finished product and hope that teachers and students all over Ireland will make the most of this important resource in Irish.”

The Dúil sna Dánta series is available on the TG4 Foghlaim website, TG4 Foghlaim Dúil sna Dánta

 

 

Agus scrúduithe Gaeilge A-Leibhéil agus Ardteistiméireachta ar tí tosú, tá TG4 Foghlaim, le tacaíocht ó Chiste Craoltóireachta Scáileán Thuaisceart Éireann, i ndiaidh acmhainn digiteach foghlama 25 clár a lainseáil do dhaltaí agus do mhúinteoirí.

Tá an tsraith ar líne “Dúil sna Dánta” le Macha Media déanta ar bhealach a chuideoidh le daltaí A Leibhéal agus Ardteistiméireachta leis an ghné filíochta den siollabas agus a chuirfidh leis an tuiscint atá acu ar na dánta a scríobh na filí iomráiteacha Máire Mhac an tSaoi, Cathal Ó Searcaigh, Máirtín Ó Direáin, agus Seán Ó Ríordáin. Tugann na láithreoirí Caitríona Nic an tSaoir agus Aimée Nic Chonaing comhairle chuidiúil ar an dóigh le hanailís a dhéanamh ar an fhilíocht trí shraith gearrscannán.

Agus é ag caint ar an tionscadal, dúirt Antaine Ó Donnaile, léiritheoir agus stiúrthóir na sraithe:

“Rachaidh an tsraith seo go mór chun sochair do mhic léinn atá ag déanamh staidéir ar an Ghaeilge don A Leibhéal, chomh maith leo siúd atá ag déanamh staidéir ar an Ghaeilge don Ardteistiméireacht. Tá na dánta sa tsraith sonraithe ar an gcuraclam A Leibhéal, agus beidh scoláirí ó dheas in ann iad a úsáid chomh maith don roinn ‘Filíocht Roghnach’ san Ardteistiméireacht.

Beidh na scannáin an-úsáideach do dhaltaí, a bheas in ann iad a úsáid ina gcuid ama féin agus iad ag ullmhú do scrúduithe. Beidh siad thar a bheith cabhrach fosta do mhúinteoirí, a bheas in ann ceacht a bhunú ar gach dán sa tsraith.

Téann dhá scannán le gach dán sa tsraith, léamh iomlán sa chanúint inar scríobhadh é, agus anailís liteartha ar an saothar féin, scríofa ag Fearghal Mag Uiginn. Táimid thar a bheith sásta leis an phacáiste críochnaithe agus tá súil againn go mbainfidh múinteoirí agus daltaí ar fud na hÉireann leas as an acmhainn tábhachtach seo.”

Tá an tsraith Dúil sna Dánta ar fáil ar shuíomh idirlín TG4 Foghlaim ag TG4 Foghlaim Dúil sna Dánta.

 

 

 

 

 

 

 

© 2024 Northern Ireland Screen. All Rights Reserved