Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

News & Events

New Foghlaim TG4 Series, Dúil sa Phrós, brings A-Level and Leaving Certificate Irish Literature to Life



Date Posted: April 16, 2025

Tugann sraith úr de chuid Foghlaim TG4 litríocht Ghaeilge don A-Leibhéal agus don Ardtéistimireacht chun beatha.

Tá lúcháir ar Foghlaim TG4, i gcomhpháirtíocht leis an Chiste Craoltóireachta Gaeilge, Scáileán Thuaisceart Éireann, sraith oideachais úrnua a fhógairt a thugann gearrscéalta ón siollabas A-Leibhéal Gaeilge chun beatha.  Sraith í a bheas oiriúnach do scoláirí na hArdtéistimireachta fosta.

Léirithe ag Macha Media, taispeánann Dúil sa Phrós sé ghearrscéal ón chnuasach Anam na Teanga: Gearrscagadh ar Ghlac Gearrscéalta (Cló Iar-Chonnacht/na húdair, 2012). Meascann an tsraith aithris mhealltach, léaráidí saibhre agus sainanailís, chun tacú le foghlaimeoirí sa seomra ranga agus sa bhaile.

Is iad na scéalta atá sa tsraith ná:

  • An Beole Liam Ó Flaithearta, á léamh ag Fíona Ní Flaithearta
  • An Gadaíle Pádraig Mac Piarais, á léamh ag Máire Ní Churraoin
  • Athairle Micheál Ó Conghaile, á léamh ag Micheál Ó Conghaile
  • An Cumannle Péigí Rose, á léamh ag Aodán Ó Cearbhaill
  • Na Déithe Bréigele Fionntán de Brún, á léamh ag Fionntán de Brún
  • Nóra Mharcais Bhig le Pádraic Ó Conaire, á léamh ag Máire Ní Churraoin

Tá léaráidí galánta leis na scéalta uilig, déanta ag an ealaíontóir Seán Ó Brógáin, a thugann carachtair agus radharcanna chun beatha. Léitear gach scéal sa chanúint inar scríobhadh é, rud a chuideoidh le scoláirí scileanna éisteachta a fhorbairt, agus a dhéanann céiliúradh ar shaibhreas na Gaeilge.

Anailís Liteartha agus Áiseanna Breise:

Déantar anailís liteartha ar gach scéal, scríofa ag an Dr Niall Comer, agus curtha i láthair ag Caitríona Nic an tSaoir agus ag Aimée Ní Chonaing. Treoraíonn Caitríona agus Aimée muid tríd na téamaí agus na teicnicí liteartha ar dhóigh shoiléir, shiamsúil atá éasca le leanúint.

Le tacaíocht a thabhairt don fhoghlaim sa seomra ranga agus don staidéar breise, tá na háiseanna seo a leanas ar fáil leis an tsraith chomh maith:

  • Closleabhair de na scéalta le héisteacht leo in áit ar bith ar ghléas sóghluaiste.
  • Treoracha staidéir do mhúinteoirí le pointí tábhachtacha plé.
  • Fotheidil i nGaeilge ar gach físeán chun cuidiú le tuiscint na bhfoghlaimeoirí.

Don mhúinteoir ar lorg acmhainní úra don seomra ranga, nó don tuismitheoir ag tacú le foghlaim a pháiste, nó don scoláire ag déanamh réidh do scrúdaithe, cuireann an tsraith seo beocht leis an téacsleabhar, agus déanann sí an litríocht níos sóthuigthe, níos sultmhaire agus níos spéisiúla.

  • Seolfar An Beo, An Gadaí agus Athair ar foghlaim.tg4.ie ar an 11ú Aibreán. 
  • Seolfar An Cumann, Na Déithe Bréige agus Nóra Mharcais Bhig ar an 15ú Aibreán.

Teagmháil do na meáin i TG4: Conal Ó Máirtín, Eagarthóir/Léiritheoir Oideachais TG4 [email protected] 

 

 

New Foghlaim TG4 Series, Dúil sa Phrós, brings A-Level and Leaving Certificate Irish Literature to Life

An invaluable new classroom and home learning resource is now available for Irish students and teachers.

 

Foghlaim TG4, in partnership with Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund, is delighted to announce a brand-new educational series that brings short stories from the A-Level Irish Literature syllabus to life. The series will also be a useful resource for students of Leaving Certificate Irish.

Developed by Macha Media, Dúil sa Phrós presents six short stories from Anam na Teanga: Gearrscagadh ar Ghlac Gearrscéalta (Cló Iar-Chonnacht / na húdair, 2012), blending captivating narration, rich illustration, and expert analysis to support learners both in the classroom and at home.

Featured Stories:

  • An Beo by Liam Ó Flaithearta narrated by Fíona Ní Fhlaithearta
  • An Gadaí by Pádraig Mac Piarais narrated by Máire Ní Churraoin
  • Athair by Míchéal Ó Conghaile narrated by Míchéal Ó Conghaile
  • An Cumann by Peigí Rose narrated by Aodán Ó Cearrbhail
  • Na Deithe Bréige by Fionntán Dé Brún narrated by Fionntán Dé Brún
  • Nora Mharcais Bhig by Pádraic Ó Conaire narrated by Máire Ní Churraoin

 

Máire Ní Churraoin narrating Nora Mharcais Bhig

 

Each story is beautifully illustrated by the artist Seán Ó Brógáin, bringing characters and scenes vividly to life.  They are all read in the dialect in which it was written — perfect for developing listening skills and embracing the richness of the Irish language.

Literary Analysis and Support Materials

Alongside each story, you’ll find a literary analysis authored by Dr. Niall Comer, presented by Caitríona Nic an tSaoir and Aimée Gunning. Well known for their work on Dúil sna Dánta, Caitríona and Aimée guide students through themes, literary techniques, and key vocabulary in a way that’s engaging, clear, and easy to follow.

To support classroom learning and independent study, the series also offers:

  • Audiobook versions for listening on the go
  • Teacher’s study guide with key discussion points
  • Subtitles in Irish to improve comprehension

This series is your go-to guide for these six stories.  Whether you’re a teacher seeking new classroom resources, a parent supporting your child’s revision, or a student preparing for exams, this series moves beyond the textbook and makes literature more accessible, enjoyable, and memorable.

Launch Dates:

An Beo, An Gadaí and Athair launch on foghlaim.tg4.ie on 11th April.

An Cumann, Na Déithe Bréige and Nóra Mharcais Bhig follow on 15th April.

© 2025 Northern Ireland Screen. All Rights Reserved