Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

News & Events

Cumhacht na bhFocal- BBC Gaeilge ar líne



Date Posted: March 15, 2025

Is cuid thábhachtach den turas foghlama Gaeilge ag duine ar bith iad na seanfhocail. Tá a rogha féin ag gach duine agus ceann amháin a labhraíonn leo ar bhealach a fhágann gur fusa an saol a thuigbheáil. Sa tsraith ghairid seo, míníonn deichniúr an seanfhocal is fearr leo agus an fáth, bíodh sé sin mar go gcuireann sé tréimhse shuntasach ina saol i gcuimhne, nó gur ceacht é a maireann siad dá réir, nó gur comhairle é a mbíonn siad ag brath air.

Nascann an tsraith deimhnithe saoil seo scéalta comhaimseartha le seanghaois agus tugann léargas ar shaol daoine agus spléachadh ar mheascán maorga na n-eispéireas saoil ag daoine inár bpobal. Clean Slate Television a rinne é do BBC Gaeilge le tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge ag Scáileán Thuaisceart Éireann.

Tá nótaí foghlama le gach clár – do thosaitheoirí, d’fheabhsaitheoirí agus dóibh siúd a bhfuil leibhéal ard líofachta acu. Is í an sraith fhoirfe í do dhuine ar bith atá ag iarraidh cur leis na ‘cúpla focal’ i mbliana do Sheachtain na Gaeilge.

Sraith iomlán le fáil le hamharc uirthi bbc.co.uk/gaeilge ón 17ú Márta.

Proverbs are an important part of anyone’s Irish language learning journey. Everyone has their favourite and one which speaks to them in a way that makes life easier to understand. In this series of shorts ten people explain what their favourite seanfhocal or proverb is and why, whether it reminds them of a significant time in their life, is a lesson they live by or advice that depend on.

This life-affirming series links contemporary stories to ancient wisdom and gives an insight into people’s lives and a glimpse of the rich tapestry of the life experiences of those in our community. It was made by Clean Slate Television for BBC Gaeilge with support from Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund.

Each episode is accompanied by learners’ notes – for beginners, improvers and those with a high level of fluency. It is the perfect series for anyone wanting to add to their ‘cúpla focal’ this Seachtain na Gaeilge.

Full series available to watch at bbc.co.uk/gaeilge from the 17th of March.

 

Pól Ó Néill, ‘Bíonn Siúlach Scéalach’.

© 2025 Northern Ireland Screen. All Rights Reserved