Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

News & Events

Breac a Dúdal Dú!



Date Posted: March 12, 2025

Is sraith nua bheochana dáthoisí é ‘Breacaí’ do pháistí idir 4 bliana agus 7 mbliana d’aois a bheidh le feiceáil ar RTÉjr an mhí seo mar chuid de Sheachtain na Gaeilge le Energia 2025.

Tá Seachtain na Gaeilge ar na féilte is mó ar domhan a dhéanann ceiliúradh ar an Ghaeilge agus tá craoladh ‘Breacaí’ i measc na mbeart ag RTÉ leis an teanga a chur i lár an aonaigh ar na cainéil uile acu i rith mhí an Mhárta.

Is é Andrew Fitzpatrick ar son Monster Entertainment a dháileann an tsraith, a forbraíodh agus a léiríodh le cúnamh ó Fís Éireann/Screen Ireland, ó Scáileáin Thuaisceart Éireann, ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge, ó Choimisiún na Meán agus ó Choimisiún Forbartha an Iarthair.

Spreagann an tsraith seo an lucht féachana óg lena n-ábhar ealaíne a scaoileadh amach agus dul ar eachtraí le Breacaí! Caitheann Breacaí agus a dlúthchara Peann Luaidhe gach lá ag taiscéaladh sna leathanaigh éagsúla sa sceitsleabhar ina gcónaíonn siad, atá lán le rudaí aisteacha agus iontacha.

Castar gach cineál carachtar breactha ar Bhreacaí agus í ar a cuid eachtraí, iad déanta d’ábhair éagsúla ealaíne! Tá líníochtaí agus péintéireachtaí ann, mar aon le origami, pasta, puipéid stoca agus tuilleadh nach iad!

Buaileann sí le Dineasáir, Madraí Mara, Buachaillí Bó, Bó-Chait agus Róbait atá breactha ar leathanaigh an sceitsleabhair, gan a bheith ag trácht ar Bhanna Buachaillí. Is iomaí cara nua a chastar ar Bhreacaí!

Is leagan Gaeilge de ‘Doodle Girl’ é ‘Breacaí’, sraith 26 x 7 nóiméad tarraingthe de láimh agus comhléirithe ag stiúideo ALT Animation i mBeannchar, Contae an Dúin agus Studio Meala i Ros Comáin.

Is í an t-aisteoir ardchumasach Brídín Ní Mhaoldomhnaigh a rinne an carachtar Breacaí a ghuthú, agus is é Tony Devlin, aisteoir agus stiúrthóir ildánach, a rinne guthú gach uile charachtar eile sa tsraith. Gráinne Ní Ghilín an Léiritheoir Gaeilge agus Suzanne Waring a bhí mar Stiúrthóir Gutha Gaeilge.

Beidh eagrán nua de ‘Breacaí’ le feiceáil gach lá ar 1.20pm ar RTÉjr suas go Lá Fhéile Pádraig agus tá na heagráin uile le feiceáil ar RTÉ Player anois.

_

‘Breacaí’ is a brand new 2D animated series aimed at 4 to 7 year olds that is airing on RTÉjr this month as part of Seachtain na Gaeilge le Energia 2025

Seachtain na Gaeilge is one of the biggest international celebrations of the Irish language and Breacaí will help RTÉ put the Irish language on centre stage across their channels throughout March.

The show is distributed by Andrew Fitzpatrick for Monster Entertainment and was developed and produced with assistance from Fís Éireann/Screen Ireland, Northern Ireland Screen, Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund, Coimisiún na Meán and the Western Development Commission.

The series encourages its young audience to grab their art supplies and come on an adventure with Breacaí! Along with her best friend Pencil, Breacaí spends each day exploring the different pages of the weird and wonderful sketchbook she lives in.

On each adventure, Breacaí meets all sorts of doodly characters, made of all sorts of different arty stuff! Drawings, paintings, origami, pasta, sock puppets, and more!
There’s Doodle-Dinosaurs, Doodle-Merdogs, Doodle Cowboys, Doodle Cat-Cows, Doodle Robots, and even Doodle boy bands. That’s a lot of new friends to meet!

Breacaí is the Irish language version of ‘Doodle Girl’, a 26 x 7 minute hand drawn series co-produced by Northern Irish studio ALT Animation and Roscommon based Studio Meala.

The series is voiced by the amazingly talented, Brídín Ní Mhaoldomhnaigh, with every other character in the series voiced by actor and director, Tony Devlin. Gráinne Ní Ghilín was Irish Language Producer, with Suzanne Waring as Irish Language Voice Director.

The show is distributed by Andrew Fitzpatrick for Monster Entertainment and was developed and produced with assistance from Fís Éireann/Screen Ireland, Northern Ireland Screen, Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund, Coimisiún na Meán and the Western Development Commission.

Tune in to RTÉjr every day leading up to St Patrick’s Day at 1:20pm to watch a new episode of Breacaí, or you can view all of the episodes now in the RTÉ Player.

© 2025 Northern Ireland Screen. All Rights Reserved