Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

News & Events

BBC Gaeilge unveils Ceolta



Date Posted: March 10, 2025

Nochtann BBC Gaeilge Ceolta, sraith úr cheoil a léiríonn an tallann is fearr i gCúige Uladh.

Tá lúcháir ar BBC Gaeilge Ceolta a fhógairt, sraith spreagúil úr cheoil, sé chlár, a chraolfar den chéad uair i mí an Mhárta 2025. Tugann Ceolta, atá curtha i láthair ag Fiachna Ó Braonáin ó Hothouse Flowers agus an t-amhránaí is scríbhneoir aitheanta Eve Belle, an lucht féachana ar thuras dodhearmadta trí shaol saibhir an cheoil i gCúige Uladh.

Léiríonn Ceolta, a bhí taifeadta i sé ionad éagsúla a roghnaíodh go speisialta, fuinneamh amh na léirithe beo i suímh pearsanta agus uathúla. Cuirtear an lucht féachana i gcroílár shaol ceoil Chúige Uladh agus taispeánann an tsraith plúr na gceoltóirí, idir ealaíontóirí fadbhunaithe agus ceoltóirí úra atá ag teacht chun cinn, agus meascán bríomhar de thionchair chomhaimseartha agus thraidisiúnta.

Le gach eagrán de Ceolta tógtar an lucht féachana chuig ionad úr atmaisféarach, ag ceiliúradh doimhneacht agus éagsúlacht an cheoil ar fud an réigiúin:

  • Dún Geimhin, Contae Dhoire – McReynolds Bar | Le Mary Dillon, Neil Martin, The Paul Casey Band, Muireann Bradley, agus Briana Corrigan
  • An Maigh, Contae Thír Eoghain – Tomney’s Bar | Le North x North West, Cliona Hagan, Joe McVeigh, agus Pinnsleep
  • Béal Feirste, Contae Aontroma – Madden’s Bar | Le Clare Sands, Arborist, Gráinne Holland, agus Duke Special leis an Acro Quartet
  • Foirceal, Contae Ard Mhacha – The Welcome Inn | Le Dani Larkin, Brian Finnegan, Cathal Murphy, agus Eve Belle
  • Beannchar, Contae an Dúin – Teach na Cúirte | Le Winnie Ama, Hothouse Flowers, And So I Watch You From Afar, agus The Open House Choir
  • Boho, Contae Fhear Manach – The Green Linnet | Le Houseplants, Seamie MacPeak agus a bhanna, Máire Ní Churraoin, agus an grúpa snagcheoil Le Chéile le Múlú

Bhí an tsraith taifeadta in ionaid phearsanta, rud a chruthaíonn atmaisféar lock-in, áit a mbíonn ealaíontóirí den chéad scoth ag seinm go dlúth le lucht féachana atá faoi gheasa. Cruthaíonn an suíomh tumthach seo léirithe ceoil amha, fuinniúla agus croíúla, a dhéanann ceiliúradh ar thraidisiúin shaibhir cheoil Chúige Uladh agus ar an cheol chomhaimseartha atá ag teacht chun cinn.

Ceiliúradh ar Thírdhreach Ceoil Uladh

Ag labhairt dó faoin tsraith atá le teacht, chuir an láithreoir Fiachna Ó Braonáin a sceitimíní in iúl:

“Tá fuinneamh agus fáilte eisceachtúil mothaithe agam i gCúige Uladh  le blianta fada, agus mé ag gabháil cheoil sa cheantar.. ó cheoltóirí agus lucht féachana araon! Tá ríméad orm anois an deis a thapú tumadh isteach go domhain ann in éineacht leis an gceoltóir Ultach Eve Belle agus cuairt a thabhairt ar ionaid draíochtúla ceoil mar chuid den tsraith nua teilifíse Ceolta!”

Dúirt an co-láithreoir Eve Belle: “Mothaím i gcónaí ádhmhar a bheith páirteach i saol an cheoil sa Tuaisceart, agus mar sin de, táim thar a bheith buíoch a bheith ag obair ar Ceolta, sraith a shoilsíonn spotsolas ar cheol dochreidte an cheantair, rud atá fíor-thuillte.”

Craolfar Ceolta den chéad uair ar BBC Two Northern Ireland i Mí an Mhárta 2025, le heagráin úra gach seachtain. Beidh an tsraith ar fáil le sruthú ar BBC iPlayer fosta, ón 7 Márta 2025, rud a chinntíonn gur féidir le lucht féachana draíocht Ceolta a bhlaiseadh ar a gcaoithiúlacht.

 

BBC Gaeilge unveils Ceolta, a Captivating New Music Series Showcasing Ulster’s Finest Talent

BBC NI Gaeilge is thrilled to announce the launch of Ceolta, an exciting new six-part music series set to premiere in March 2025. Hosted by Fiachna Ó Braonáin of Hothouse Flowers and acclaimed singer-songwriter Eve Belle, Ceolta brings audiences on an unforgettable journey through the rich and evolving music scene of Ulster. Supported by Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund.

Filmed in six carefully selected venues, Ceolta captures the raw energy of live performances in intimate and unique settings. Designed to immerse viewers in the heart of Ulster’s music scene, the series showcases a stellar line-up of both established artists and emerging talents, offering a dynamic blend of contemporary and traditional influences.

Each episode of Ceolta transports audiences to an atmospheric venue, celebrating the depth and diversity of music across the region:

  • Dungiven, County Derry – McReynolds Bar | Featuring Mary Dillon, Neil Martin, The Paul Casey Band, Muireann Bradley, and Briana Corrigan
  • Moy, County Tyrone – Tomney’s Bar | Featuring North x North West, Cliona Hagan, Joe McVeigh, and Pinnsleep
  • Belfast, County Antrim – Madden’s Bar | Featuring Clare Sands, Arborist, Gráinne Holland, and Duke Special with the Acro Quartet
  • Forkhill, County Armagh – The Welcome Inn | Featuring Dani Larkin, Brian Finnegan, Cathal Murphy, and Eve Belle
  • Bangor, County Down – Court House | Featuring Winnie Ama, Hothouse Flowers, And So I Watch You From Afar, and The Open House Choir
  • Boho, County Fermanagh – The Green Linnet | Featuring Houseplants, Seamie MacPeak and his band, Máire Ní Churraoin, and jazz-folk group Le Chéile with Múlú

The series is filmed in intimate venues, evoking the atmosphere of a lock-in, where world-class artists perform up close with engaged audiences. This immersive setting allows for raw, energetic, and heartfelt performances that celebrate Ulster’s rich musical traditions and evolving contemporary scene.

A Celebration of Ulster’s Musical Landscape

Speaking about the upcoming series, presenter Fiachna Ó Braonáin shared his excitement:

“I have felt exceptional energy and warmth in Ulster for many years while performing music in the area—both from musicians and audiences alike! I am delighted now to have the opportunity to immerse myself fully alongside the Ulster musician Eve Belle and visit magical music venues as part of the new television series Ceolta!”

Co-host Eve Belle added: “I always feel lucky to be part of the music scene in the North, and so I’m incredibly grateful to be working on Ceolta, a series that shines a well-deserved spotlight on the incredible music in this area.”

Ceolta is set to premiere on BBC NI Gaeilge in March 2025, with episodes airing weekly. The series will also be available to stream on BBC iPlayer on the 7th of March 2025, ensuring audiences can experience the magic of Ceolta at their leisure.

© 2025 Northern Ireland Screen. All Rights Reserved