Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

News & Events

Irish Language Broadcast Fund announces funding decisions for 2019



Date Posted: April 29, 2019

Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund (ILBF) is delighted to announce its latest funding decisions for 2019. Funding was awarded across a wide genre of TV and online content with a total of 21 projects receiving funding.

The aims of the ILBF are to promote the production and broadcast of quality Irish language content for an audience in Northern Ireland and beyond and to help grow the Irish language production sector in Northern Ireland.  Some of the funded projects in the first funding round of 2019 include:

Ar Ór is ar Airgead, a documentary from Macha Media, will tell the story of two remarkable Irish women; Mary Cunningham from Donegal who became the face of America’s Golden Dollar and Lady Lavery who graced the first banknote of a newly independent Ireland. Macha Media has also received funding for Nazi sa Ghaeltacht where Kevin Magee will investigate the Nazi plan to invade Ireland and how an Irish scholar from Berlin carried out research for an invasion in the Gaeltacht hamlet of Teileann.

Crawford McCann’s Beidh Aonach Amárach returns for a second series where we will meet more people going for glory at Ireland’s country shows and fairs. Crawford McCann has also received funding for Raw Ambition which will follow follow some young up and coming Irish and Scottish rugby players, male and female, as they try to make the big time.

Rian na gCos, a production by Imagine Media, will retrace the footsteps of the late Aodán Mac Póilin; a passionate and articulate advocate for the Irish language and a dedicated and tireless worker for the rights of the Irish speaking community of Belfast.

Below the Radar’s lively magazine show for BBC NI I Lár an Aonaigh returns for its 8th series as does Meon Eile, Below The Radar’s online platform. The company were also awarded funding for Paul Muldoon – Thiar agus Thall which will profile the poet, academic and musician Paul Muldoon as he comes under the gaze of director Alan Gilsenan at home in New York and back in his native Co. Armagh.

Paper Owl Films received funding for a 4th series of #Fadúda, the vlogging series that encompasses a myriad of topics.

Sonas Productions will produce a third series of traditional music series Trad ar Fad.

Clean Slate Television has received funding for Scéal Ghaeltacht Bhóthar Seoighe which will tell the remarkable story of the very humble beginnings of the urban Gaeltacht filmed across the 50th anniversary year.

Three former Mary from Dungloe contestants travel the length and breadth of Ireland using their pageant style and poise to help unlucky-in love men find a partner in Na Gael Marys which will be produced by DoubleBand Films.

Dearcán Media has received funding for Amuigh ar an Fharraige Mhór which will document a day in the life of Donegal Gaeltacht boats and crews as they trawl and fish for crabs and lobsters off the North West coast.  The company will also revisit the landmark Northern Fiddler project from 1979 in the company of its author, Allen Feldman, and the modern day ‘Northern Fiddlers’ in The Northern Fiddler Revisited.

For further details and guidelines please visit the ILBF funding page.


CINNTÍ MAOINITHE IS DÉANAÍ DE CHUID AN CHISTE CRAOLTÓIREACHTA GAEILGE FÓGARTHA DO 2019

Is mian leis an Chiste Craoltóireachta Gaeilge (CCG), Scáileán Thuaisceart Éireann a chinntí maoinithe is déanaí do 2019 a fhógairt. Bronnadh maoiniú ar 21 tionscadal ar fad ina bhfuil éagsúlacht bhreá seánraí teilifíse agus ábhar ar líne.

Is é a chuireann an CCG roimhe, maoiniú a chur ar fáil le hábhar Gaeilge ar ardchaighdeán a léiriú agus a chraoladh do lucht féachana i dTuaisceart na hÉireann agus níos faide i gcéin agus lena chinntiú go gcuirfear fás faoin earnáil léiriúcháin Ghaeilge i dTuaisceart na hÉireann.

Bronnadh maoiniú ar Macha Media chun clár faisnéise Ar Ór is ar Airgead a léiriú faoi bheirt bhan ar leith; Mary Cunningham ó Dhún na nGall a raibh aghaidh s’aici le feiceáil ar an dollar órga Meiriceánach agus Lady Lavery a raibh ar an chéad nóta bainc in Éirinn nua-neamhspleách. Tá maoiniú faighte ag Macha Media fosta fá choinne Nazi sa Ghaeltacht. Fiosróidh Kevin Magee an scéal faoin phlean a raibh ag na Naitsithe ionradh a dhéanamh ar Éirinn agus an dóigh a rinne scoláire ó Bheirlín taighde don ionradh sin sa sráidbhaile beag Gaeltachta, Teileann.

Léireoidh Crawford McCann an dara sraith de Beidh Aonach Amárach agus tabharfaidh sé blaiseadh dúinn arís ar an bheocht, ar an siamsa agus ar an teannas a bhíonn sna seónna talmhaíochta ar fud na tíre. Chomh maith leis sin ta maoiniú faighte ag Crawford McCann do Raw Ambition, clár a leanfaidh imreoirí rugbaí Éireannacha agus Albanacha, fir agus mná, agus iad ag traenáil go dian.

Amharcfaidh Rian na gCos, clár de chuid Imagine Media ar  shaol Aodán Mac Póilin, fear a raibh mar urlabhraí paiseanta don Ghaeilge agus a d’obair go díograiseach chun cearta lucht labhartha na Gaeilge i mBéal Feirste a bhaint amach.

Fillfidh an t-irischlár bríomhar de chuid Below the Radar do BBC TÉ, I Lár an Aonaigh don ochtú sraith agus tá an t-ardán ar líne Meon Eile ar ais don ochtú huair chomh maith. Tá maoiniú faighte ag Below the Radar fosta fá choinne Paul Muldoon – Thiar agus Thall, clár faisnéise a dhéanfaidh próifíl ar an fhile, acadóir agus ceoltóir Paul Muldoon agus é faoi shúil an stiúrthóra Alan Gilsenan sa bhaile i Nua-Eabhrac agus ar ais i gCo. Ard Mhaca, a chontae dúchais.

Beidh #Faduda, ardán ar líne le Paper Owl Films ar ais linn arís eile chomh maith, ina mbeidh ábhar bríomhar ar líne do dhaoine óga.

Chomh maith leis sin, beidh Trad ar Fad, sraith cheoil Sonas Productions ar ais linn agus plúr na gceoltóirí á dtaispeáint.

Agus é beagnach 50 bliain ó cuireadh tús le Gaeltacht uirbeach Bóthar Seoighe tabharfaidh Scéal Ghaeltacht Bhóthar Seoighe de chuid Clean Slate Television léargas dúinn ar an scéal spreagúil seo.

Rachaidh triúr iar-iomaitheoirí ón chomórtas ‘Mary from Dungloe’ ar fud fad na tíre i Na Gael Marys le DoubleBand Films agus bainfidh siad úsáid as stíl agus grástúlacht s’acu chun cabhair a thabhairt do fhir nach raibh an t-ádh leo páirtí a aimsiú.

Déanfaidh Dearcán Media clár faisnéise faoi shaol laethúil báid agus criú Gaeltachta agus iad amuigh ar chósta an iarthuaiscirt ag trálaeireacht i gcomhair portán, éisc agus gliomach in Amuigh ar an Fharraige Mhór.  Amharcfaidh Dearcán Media fosta ar thogra an Northern Fiddler ó 1979 i gcomhluadar údar an togra, Allen Feldman agus na ‘Northern Fiddlers’ nua-aoiseach sa chlár faisnésie The Northern Fiddler Revisited.

Le haghaidh tuilleadh eolais agus na dtreoirlínte téigh chuig leathanach maoinithe an Chiste Craoltóireachta Gaeilge, Scáileán Thuaisceart Éireann.

 

© 2024 Northern Ireland Screen. All Rights Reserved