ILBF-supported content featured in BBC Gaeilge’s Summer Radio 2025 line-up

Date Posted: July 9, 2025
Summer is here, and with a host of new presenters and programming, BBC Gaeilge is celebrating the season with the best of Irish language, music, and culture on BBC Sounds and BBC Radio Ulster/Foyle.
Highlights include Sláinte na bhFear – a new ‘men’s shed’ style mental health series – and Ceolta, a music and chat show for listening on the move, both supported by Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund (ILBF).
There’s also plenty of BBC Gaeilge content to enjoy on BBC iPlayer throughout the summer. Find out more below.
Blas Mondays to Thursdays
Blas – Ón Taobhlíne: Mondays at 7.30pm (Continues throughout the summer)
BBC Northern Ireland is championing women’s sport across the summer, following today’s heroes and celebrating the women who were trailblazers in the past.
Feargal Mag Uiginn will keep listeners up-to-date with all the big sporting stories, including the Women’s World Cup in August and the All-Ireland Championships.
Blas Ceoil:
From Thursday 3 July at 8pm
The Belfast harpist, composer and sound engineer, Úna Monaghan, joins Blas Ceoil as a guest presenter this July.
Across five weeks, Úna will treat listeners to some of her favourite trad music and a special mini-series, I Mo Chás Féin (In My Own Case) in which guests reveal what’s hidden in the depths of their musical instrument cases.
Úna chats to Muireann Nic Amhlaoibh, who performed with traditional group Danú; electronica duo Aeons, musician Mairéad Ní Mhaonaigh of Altan and The Mooneys fame; piper Mick O’Brien, singer Macdara Ó Faoláin; and concertina player Edel Fox, who reveals that the musical instrument she has played since she was 13 dates back to 1896.
From Thursday 7 August at 8pm
In August, father and daughter duo Marcas Ó Murchú and Róise Ní Mhurchú are in the Blas Ceoil hotseats.
Veteran broadcaster, flute player and formerly Chief Bard of Irish Music at the All-Ireland Fleadh, Marcus will be helping listeners celebrate BBC Radio Ulster’s 50th birthday with his daughter Róise, who is an award-winning sean-nós singer and musician.
This is not the first time Marcus has broadcast on BBC Radio Ulster’s Irish Language programmes, but Róise wasn’t even born at the time of his first on-air appearance. The pair discuss their musical influences, celebrate Irish heritage singers and entertainers, and exchange gifts from their respective musical eras – which aren’t always to each other’s tastes!
Their final episode includes a special recording of Alf Ó Murchú – Marcas’ father and Róise’s grandfather – who won gold as a sean-nós singer during the 1960s at the now famous Oireachtas festival.
Sláinte na bhFear: Starting Tuesday 1 July at 7.30pm
In this new ‘men’s shed’ style series, presenter Conor Torbóid tackles the issues men are not always comfortable talking about – including mental health, stress, resilience, relationships, and self-care.
Across six episodes, Conor is joined by a panel that includes Robbie Clarke, Jake Mac Siacais, Chris Mc Caffrey, Seán Mac Corraidh, Barra ó hEireamhóin, Odhrán De Rúiséil, alongside experts Dr Róisín Chambers and Oisín McVicker.
Together, the group talk about what good mental, physical and sexual health means, open up about their experiences with loneliness, the lure of ‘FOMO’, and the tragic impact drugs has had on one of their family.
The series is produced by Triplevision Productions for BBC Gaeilge with support from Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund.
Ceolta: Starts Thursday 3 July at 7.30pm
This audio version of Ceolta, which was originally broadcast on BBC Northern Ireland television earlier this year, gives listeners a chance to enjoy all the musical performances on the go.
Presented by Hothouse Flowers guitarist Fiachna Ó Braonáin and singer Eve Belle and recorded at six different venues, the first stop is Dungiven, with performances by Mary Dillon, Neil Martin, The Paul Casey Band, Muireann Bradley, and Briana Corrigan.
Later in the six-part series there are performances from Cliona Hagan, North x North West, Clare Sands, Duke Special with the The Fews Ensemble, Brian Finnegan with Seán Óg Graham, Cathal Murphy, Winnie Ama, And So I Watch You From Afar, Houseplants, Seamie McPeake and his band among others.
The series, made by Sonas Productions for BBC Gaeilge with support from Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund and is also available to watch on BBC iPlayer.
Súil Charad: Starts Tuesday 5 August at 7.30pm
Presenter Dara Ó Cinnéide lost his sight during his teenage years. In this new series, he helps audiences to understand life as a blind person, including some of the challenges that it can involve.
Dara and Caoimhe ‘Ceol’ Ní Chathail discuss many topics and are joined by special guests, chef Brian Dannie Minnie, and tech expert, Andy Caomhánach amongst others.
In the first programme, Dara talks about one of his guide dogs, Hansen, and the tattoos he has in memory of other dogs.
Later in the series, Caoimhe puts herself in Dara’s shoes, and describes her experience eating a meal in a pitch black restaurant.
Dara speaks about his interest in sport, lifting weights and playing tennis, and reveals some of the ups and downs of travelling abroad as a blind person.
Ceol sa Chroí: Starts Thursday 7 August at 7.30pm
Ceol sa Chroí also returns for another series this August. Over four episodes, Caoimhe ‘Chats’ Ní Chathail meets a host of contemporary Irish musicians, including Grooveline, Seosamh Mac and Caoimhín.
BBC Gaeilge on BBC iPlayer
There’s also lots of content to catch up on this summer with the BBC Gaeilge Collection on BBC iPlayer, including Camán na mBan which looks at the history, evolution and future of the 120 year old women’s sport of Camogie and Réiteoir! which examines the realities of life for a GAA football referee in the modern game.
The award-winning six-part crime drama series Crá based in Donegal, features Dónall Ó Héalai in the role of Garda Conall Ó Súilleabháin and The Young Offenders’ Alex Murphy as Garda Barry Roche. A mystery begins to unfold when the body of a local woman is discovered buried in a bog.
Crá is available to watch in full on BBC iPlayer.
*Transmission times are subject to change*
Ábhar atá tacaithe ag an CCG mar páirteach de clár raidió samhraidh BBC Gaeilge 2025
Tá an samhradh linn, agus le moll mór láithreoirí agus cláir nua, tá an BBC ag déanamh céiliúradh ar an séasúr le scoth na Gaeilge, ceol agus cultúr ar BBC Sounds agus BBC Radio Ulster/ Foyle.
San áireamh tá Sláinte na bhFear – sraith úr dírithe ar meabhairshláinte na bhfear – agus Ceolta, atá lán de cheol agus comhrá. Tá an dá togra seo tacaithe ag Ciste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann (CCG).
Beidh neart ábhar Gaeilge ar BBC Gaeilge agus BBC iPlayer le linn an tsamhraidh.
Blas Luan go Déardaoin
Blas – Ón Taobhlíne: Gach Luan ar 7:30in (Leanann ar aghaidh i rith an tsamhraidh)
Beidh BBC Thuaisceart Éireann ag cur spórt na mban chun cinn i rith an tsamhraidh, ag leanúint laochra an lae inniu agus ag machnamh ar na ceannródaithe ban a spreag daoine eile.
Agus é ag díriú ar mhná sa spórt, leanann Feargal Mag Uiginn leis ag coinneáil éisteoirí ar an eolas faoi na scéalta móra spóirt go léir, ar a n-áirítear Corn Domhanda na mBan i mí Lúnasa agus Craobhchomórtais na hÉireann.
Blas Ceoil:
Ó Déardaoin an 3 Iúil ar 8in
Is í Úna Monaghan, an cláirseoir, cumadóir agus innealtóir fuaime as Béal Feirste, a bheidh mar aoiláithreoir ar Blas Ceoil le linn mhí Iúil i mbliana.
Thar thréimhse cúig seachtaine, léireoidh Úna d’éisteoirí cuid den cheol traidisiúnta is ansa léi, agus cuirfidh sí mionsraith speisialta i láthair (I Mo Chás Féin) ina mbeidh aíonna ag nochtadh a bhfuil i bhfolach in íochtar a gcásanna uirlis cheoil.
Labhraíonn Úna le Muireann Nic Amhlaoibh a sheinn leis an ghrúpa thraidisiúnta Danú agus an dísreach leictreonach Aeons, chomh maith leis an cheoltóir Mairéad Ní Mhaonaigh a bhfuil cáil Altan agus The Mooneys uirthi, an píobaire Mick O’Brien, an t-amhránaí Macdara Ó Faoláin agus an consairtíneadóir Edel Fox a nochtaíonn gur in 1896 a rinneadh an uirlis cheoil atá á seinm aici ó bhí sí 13 bliana d’aois.
Ón Déardaoin an 7 Lúnasa ar 8in
I mí Lúnasa, beidh an dísreach athair agus iníon, Marcas Ó Murchú agus Róise Ní Mhurchú, i suíocháin theo Blas Ceoil.
Cuidíonn Marcas, fliúiteadóir aitheanta agus Ard-Ollamh ar cheol na hÉireann ag Fleadh Cheoil na hÉireann tráth, le héisteoirí 50 bliain ar an aer ag BBC Raidió Uladh a cheiliúradh lena iníon Róise, ar amhránaí sean-nóis agus ceoltóir í a bhfuil gradaim bainte aici.
Ní hí seo an chéad uair i mbun craolta ag Marcas ar ábhar Gaeilge BBC Raidió Uladh, ach ní raibh Róise ar an tsaol fiú an chéad uair sin. Pléann an bheirt acu a dtionchair cheoil, ceiliúrann siad amhránaithe agus ceoltóirí oidhreachta na hÉireann, agus malartaíonn siad bronntanais óna nglúnta ceoil féin – rudaí nach bhfuil ag teacht le dúil an duine eile i gcónaí!
Ar an chlár dheireanach s’acu, tá taifeadadh speisialta d’Alf Ó Murchú – athair Mharcais agus athair mór Róise – a bhain bonn ór mar amhránaí sean-nóis sna 1960idí ag an Oireachtas, féile ar a bhfuil cáil mhór inniu.
Sláinte na bhFear: Tosaíonn Máirt an 1 Iúil ar 7.30in
Sa tsraith nua seo ar stíl ‘scioból fear’, téann an láithreoir Conor Torbóid i ngleic le saincheisteanna nach mbíonn fir ar a suaimhneas i gcónaí ag caint orthu, amhail meabhairshláinte, teacht aniar, caidrimh agus féinchúram.
Thar shé chlár, tá painéal i gcuideachta Conor, ar a bhfuil Robbie Clarke, Jake Mac Siacais, Críostóir Mac Cafraidh, Seán Mac Corraidh, Barra Ó hEireamhóin, Odhrán De Rúiséil, agus moltaí ó na saineolaithe an Dr Róisín Chambers agus Oisín Mac an Bhiocaire.
Le chéile, labhraíonn an grúpa faoin chiall atá le sláinte mhaith intinne, choirp agus ghnéis, labhraíonn siad go hoscailte faoina n-eispéireas le huaigneas, faoi mhealltacht an ‘FOMO’, agus faoin tionchar tragóideach a bhí ag drugaí ar dhuine dá muintir.
Is é Triplevision Productions a léirigh an tsraith seo do BBC Gaeilge le tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge, Scáileáin Thuaisceart Éireann.
Ceolta: Tosaíonn Déardaoin an 3ú Iúil ar 7.30in
Tugann an leagan raidió seo de Ceolta, a craoladh ar theilifís ar BBC Northern Ireland níos luaithe i mbliana, deis d’éisteoirí sult a bhaint as na léirithe ceoil go léir agus iad amuigh ar a gcois.
Curtha i láthair ag Fiachna Ó Braonáin, giotáraí Hothouse Flowers, agus an t-amhránaí Eve Belle, agus taifeadta i sé cinn d’ionaid éagsúla, is é Dún Geimhin an chéad stad, áit a bhfuil léirithe ag Mary Dillon, Neil Martin, The Paul Casey Band, Muireann Bradley agus Briana Corrigan.
Níos moille sa tsraith sé pháirt, tá léirithe ó North x North West, Clare Sands, Duke Special le The Fews Ensemble, Brian Finnegan le Seán Óg Graham, Cathal Murphy, Winnie Ama, And So I Watch You From Afar, Houseplants, Seamie McPeake agus a bhanna, i measc eile.
Déanann an tsraith, a rinne Sonas Productions do BBC Gaeilge le tacaíocht ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge ag Scáileáin Thuaisceart Éireann, ceiliúradh ar dhoimhneacht agus ar éagsúlacht an cheoil áitiúil, agus tá sí le fáil fosta ar BBC iPlayer.
Súil Charad: Tosaíonn Máirt an 5 Lúnasa ar 7.30in
Chaill an láithreoir Dara Ó Cinnéide a radharc agus é sna déaga, agus ina shraith nua, tugann sé léargas dúinn ar do bhealach a dhéanamh sa tsaol seo mar dhuine dall.
Déanann Dara agus Caoimhe ‘Ceol’ Ní Chathail plé ar thréan ábhar, agus aíonna speisialta ina gcuideachta, an cócaire Brian Dannie Minnie agus an saineolaí teicneolaíochta Andy Caomhánach i measc eile.
Sa chéad chlár, labhraíonn Dara faoi mhadadh treorach dá chuid, Hansen, agus faoi na tatúnna atá aige i gcuimhne ar mhadaidh eile.
Níos moille sa tsraith, cuireann Caoimhe í féin i mbróga Dhara, agus cuireann síos ar a heispéireas ag ithe béile i mbialann dubh dorcha.
Labhraíonn Dara faoin tsuim atá sa spórt aige, faoi na meáchain a thógáil agus leadóg a imirt, agus nochtaíonn cuid de na sealanna thuas agus thíos a bhaineann le bheith ag taisteal thar sáile mar dhuine dall.
Ceol sa Chroí: Tosaíonn Déardaoin an 7 Lúnasa ar 7.30in
Tá Ceol sa Chroí ar ais faoi choinne sraith eile i mí Lúnasa. Thar cheithre chlár, buaileann Caoimhe ‘Chats’ Ní Chathail, le lear mór de cheoltóirí comhaimseartha na hÉireann, ar a n-áirítear Grooveline, Seosamh Mac agus Caoimhín.
BBC Gaeilge ar BBC iPlayer
Tá ábhar go leor le fáil an samhradh seo chomh maith le Cnuasach BBC Gaeilge ar BBC iPlayer, ar a n-áirítear Camán na mBan, clár a amharcann ar stair, éabhlóid agus todhchaí na Camógaíochta, spórt ban atá 120 bliain d’aois, agus Réiteoir!, clár a dhéanann scrúdú ar réaltachtaí an tsaoil do réiteoir peile de chuid Chumann Lúthchleas Gael sa chluiche nua-aimseartha.
Sa tsraith choirdhráma sé pháirt, Crá, atá lonnaithe i nDún na nGall agus a bhfuil gradaim bainte aici, tá ról an Gharda Conall Ó Súilleabháin ag Dónall Ó hÉalaí agus ról an Gharda Barra Roche ag Alex Murphy as The Young Offenders. Tagann mistéir chun cinn nuair a thagtar ar chorp mná áitiúla a cuireadh i bportach.
Tá gach clár de chuid Crá le fáil le hamharc air ar BBC iPlayer.
*Féadfaidh amanna craolta athrú*

Róise Ní Mhurchú and Marcas Ó Murchú present Blas Ceoil during August

Úna Monaghan presents Blas Ceoil during July(Image Credit EHP)