AONTAS WINS BEST FEATURE AND BEST DIRECTOR AT MANCHESTER FILM FESTIVAL / BAINEANN AONTAS FADSCANNÁN IS FEARR AGUS STIÚRTHÓIR IS FEARR AG FÉILE SCANNÁIN MHANCHAIN

Date Posted: March 26, 2025
Irish language heist thriller Aontas has won the Golden Bee Award for Best Feature at Manchester Film Festival. The film’s director Damian McCann also took home the award for Best Director.
The eleventh edition of the Manchester Film Festival took place 14-23 March and celebrated some of the finest emerging talent in the world of cinema. Tom Percival, Head of Jury said:
“Boasting a sensational cast, led by the incredible Carrie Crowley, Aontas is both a moving exploration of grief and a wildly entertaining thriller.” The double win for Aontas follows the film’s recent success at Dublin International Film
Festival where lead Carrie Crowley was awarded the George Byrne Maverick Award by the Dublin Critics’ Circle.
Aontas stars Carrie Crowley (An Cailín Ciúin), Bríd Brennan (Shadow Dancer) and Eva-Jane Gaffney (Kin). Produced by Órfhlaith Ní Chearnaigh (Aonaracht) and ChristopherMyers (Doineann), written by Sarah Gordon and Damian McCann, this is the first feature from new bilingual company Púca Pictures. Aontas is funded by NI Screen’s Irish Language Broadcast Fund, BBC Gaeilge and TG4, with support from Yellowmoon.
BAINEANN AONTAS FADSCANNÁN IS FEARR AGUS STIÚRTHÓIR IS FEARR AG FÉILE SCANNÁIN MHANCHAIN
Tá Duais na Beiche Órga bainte ag scéinséir gadaíochta Gaeilge, Aontas, don fhadscannán is fearr ag Féile Scannáin Mhanchain. Bronnadh duais an stíurthóra is fearr ar stiúrthóir Aontas, Damian McCann, fosta.
Bhí an t-aonú féile déag de chuid Féile Scannáin Mhanchain ar siúl idir 14ú agus 23ú Márta, agus rinne sí ceiliúradh ar chuid den tallann is fearr atá ag teacht chun cinn i dtionscal na scannán.
Dúirt Ceann na Moltóirí, Tom Percival: “Boasting a sensational cast, led by the incredible Carrie Crowley, Aontas is both a moving exploration of grief and a wildly entertaining thriller.”
Tagann an dá bhua seo d’Aontas i ndiaidh an ratha a bhí air le déanaí ag Féile Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath, áit ar bronnadh an George Byrne Maverick Award ar phríomhaisteoir Aontas, Carrie Crowley, ag an Dublin Critics’ Circle.
Tá príomhróil i bhfadscannán Aontas ag Carrie Crowley (An Cailín Ciúin), Bríd Brennan(Shadow Dancer) agus Eva-Jane Gaffney (Kin). Is iad Órfhlaith Ní Chearnaigh(Aonaracht) agus Christopher Myers (Doineann) a léirigh, agus scríobh Sarah Gordon agus Damian McCann é. Seo an chéad fhadscannán le comhlacht nua dátheangach,
Púca Pictures. Léiríodh Aontas le maoiniú ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann, BBC Gaeilge agus TG4, le tacaíocht ó Yellowmoon.