Gairdíní an Phobail: The new two-part observational documentary series for BBC NI

Date Posted: March 3, 2025
Gairdíní an Phobail
Dé Luain 3 Márta
BBC iPlayer & BBC 2 TÉ, 10i.n.
Is sraith nua faisnéise bhreathnaitheach dhá chlár é Gairdíní an Phobail do BBC NI a fhiosraíonn na gairdíní pobail atá faoi bhláth i mBéal Feirste agus na daoine spreagúla a chuireann beocht iontu.
Le saol deifreach driopásach na cathrach, is áit iad na gairdíní pobail do gach duine, beag beann ar a n-aois, a leibhéal cumais agus a gcúlra, áit inar féidir leo teacht le chéile, a gcuid torthaí, bláthanna agus glasraí féin a fhás agus aire a thabhairt don fhiadhúlra atá beo beathach sna ceantair seo.
In imeacht bliana a taifeadadh an tsraith seo agus léireofar áilleacht na séasúr a bhíonn ag síorathrú agus beimid i gcuideachta na ndaoine a úsáideann agus a oibríonn i dtrí ghairdín pobail i mBéal Feirste, daoine a fhágann gur ionaid ríthábhachtacha iad na spásanna glasa seo ó thaobh na forbartha pearsanta, an chaidrimh chultúrtha agus na seasmhachta pobail de.
I measc na ndaoine a bheidh ar an tsraith tá na Treoraithe Gairdín Seán Mac Brádaigh, Pauline O’Flynn, agus Neil Dowson, treoraithe díograiseacha paiseanta a léiríonn croí na spásanna comhroinnte seo.
Is é Below the Radar TV a léirigh an tsraith ar son BBC Thuaisceart Éireann agus fuarthas tacaíocht ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann. Turas atá sa tsraith ar thrí phríomhghairdín sa chathair: Gairdín an Phobail agus MUMO Garden in Iarthar Bhéal Feirste, agus The Waterworks Garden i dTuaisceart Bhéal Feirste – agus bíonn a ról uathúil féin ag gach ceann acu sa phobal áitiúil.
Seo mar a labhair stiúrthóir na sraithe, Seán Ó Baoill agus é ag trácht ar an taithí a bhí aige féin le linn dó Gairdíní an Phobail a thaifeadadh:
“An rud is mó a chuaigh i bhfeidhm ormsa agus an tsraith á taifeadadh, misneach agus cineáltas iontach na ndaoine a casadh orainn. Tá gach gairdín á mhúnlú ag lámha agus ag croí na ndaoine a bhíonn ag obair ann, agus is áiteanna leighis, cairdis agus muintearais iad a bhuí leo. Tá súil agam go bhfaighidh an lucht féachana blaiseadh de chroíúlacht agus de spiorad sin an phobail.”
Craolfar Gairdíní an Phobail ar BBC Two NI agus BBC iPlayer ar an 3 Márta ag 10:00i.n.
***
Gairdíní an Phobail
Monday, 3 March
BBC iPlayer & BBC Two Northern Ireland, 10pm
Gairdíní an Phobail is a new two-part observational documentary series for BBC NI that explores Belfast’s flourishing community gardens and the inspiring people who bring them to life.
In the hustle and bustle of city life, community gardens are a place for people of all ages, abilities and backgrounds to come together, growing their own fruit, flowers and vegetables and to care for the wildlife that inhabits these areas.
Filmed over the course of a year, this series captures the beauty of the changing seasons and follows the people who use and work in three community gardens across Belfast, transforming these green spaces into vital hubs of personal growth, cultural connection, and community resilience.
Among those featured are Seán Mac Brádaigh, Pauline O’Flynn, and Neil Dowson, the friendly Garden Guides whose dedication and passion reflect the heart of these shared spaces.
Produced by Below the Radar TV for BBC Northern Ireland and supported by Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund (ILBF), the series follows the journey of three key gardens across the city – Gairdín an Phobail and MUMO Garden in West Belfast, and the Waterworks Garden in North Belfast – each with its own unique role in the local community.
Speaking about the experience of filming Gairdíní an Phobail, series director Seán Ó Baoill said:
“What struck me most while filming was the incredible strength and kindness of the people we met. Each garden is shaped by the hands and hearts of those who care for it, becoming a place of healing, friendship, and belonging. I hope viewers feel the warmth and community spirit that these spaces offer.”
Gairdíní an Phobail will be broadcast on BBC Two NI and BBC iPlayer on March 3rd at 10:00pm