Saol na Feirme Returns

Date Posted: February 23, 2025
Tá Saol na Feirme ar ais agus fíorléargas atá sa dara sraith ar sheacht dteaghlach feirmeoireachta ar fud na hÉireann. Léargas ar fheirmeoirí a bhíonn ag plé le réimse gnólachtaí atá sa tsraith seo, curaíocht, déiríocht, mairteoil, caoirigh agus glasraí ina measc, agus tá ceantair ghalánta mar chúlra ag an obair seo ar fad in Ard Mhacha, Aontroim, An Clár, Gaillimh, Laois agus Ros Comáin.
Tá an aimsir le déanaí tar éis tionchar mór a imirt ar fheirmeoirí. Feicfidh an lucht féachana an chaoi a n-athraíonn ár bhfeirmeoirí an cur chuige de réir mar is gá, ag tabhairt faoi thionscadail nua chun a gcuid gnólachtaí a choimeád ag imeacht, agus nósanna teaghlaigh á gcaomhnú acu ag an am céanna.
Is sraith de chuid Strident Media í Saol na Feirme a rinneadh do RTÉ le tacaíocht ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann. Is í Fionnuala McCormack léiritheoir agus stiúrthóir na sraithe. Tiernan O’Rourke, Darragh Cox agus David Qualter a bhí mar cheamaradóirí ar an tsraith agus ba í Sorcha Nic Giolla Mhuire a rinne an eagarthóireacht. Ba iad Sarah Ryder le RTÉ, Áine Walsh leis an CCG agus Kelda Crawford-McCann le Strident léiritheoirí feidhmiúcháin na sraithe.
Beidh Saol na Feirme ag filleadh don dara sraith ar an 24 Feabhra, 2025 ag 8:30pm ar RTÉ One agus beidh sé ar fáil ar an RTÉ Player chomh maith.
Saol na Feirme returns for a new second series, offering an intimate look at seven farming families across Ireland. Filmed in breathtaking locations like Armagh, Antrim, Clare, Galway, Laois and Roscommon, the series follows farmers managing tillage, dairy, beef, sheep, and vegetable enterprises.
Recent unpredictable and extreme weather has tested farmers like never before. Viewers witness how our farmers adapt, introducing new projects to sustain them and still while preserving family traditions.
Saol na Feirme was made by Strident for RTÉ and supported by Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund and is produced and directed by Fionnuala McCormack. It was filmed by Tiernan O’Rourke, Darragh Cox and David Qualter and edited by Sorcha Nic Giolla Mhuire. The executive producers were Sarah Ryder for RTÉ, Áine Walsh for ILBF and Kelda Crawford-McCann for Strident.
Saol na Feirme series two, returns on 24th February 2025 at 8:30pm on RTÉ One and is also available on the RTÉ Player.