European Premiere for Aontas at Dublin International Film Festival
Date Posted: February 4, 2025
D’fhógair Féile Scannáin Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath go mbeidh an chéad taibhiú Eorpach den scéinséir gadaíochta Gaeilge, Aontas, stiúrtha ag Damian McCann (Doineann), a bhfuil príomhról ag Carrie Crowley (An Cailín Ciúin, Smother), Bríd Brennan (Shadow Dancer, Doineann) agus Eva-Jane Gaffney (Kin, Harry Wild) ann.
Déanann triúr gadaí neamhghnách comhar creidmheasa a robáil, agus beag ar tí cliseadh néarach ina mbun. Osclaíonn Aontas ar iarmhairt thragóideach na gadaíochta a chuaigh chun donais, agus insítear an scéal droim ar ais, caibidil ar chaibil, go nochtar na heachtraí a tharla roimh ré. Iompaíonn gadaíocht nár cuireadh i bhfeidhm go héifeachtach go léiriú de bhean ceanndána atá sáinnithe ag a stair féin. Is puzal scoilte é Aontas faoi thionchar ár roghanna agus faoi na cuimhní nach féidir linn éalú uathu.
Léiríodh Aontas le maoiniú ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann, BBC Gaeilge agus TG4, le tacaíocht ó Yellowmoon.
Is iad Órfhlaith Ní Chearnaigh (Aonaracht) agus Christopher Myers (Doineann) a léirigh, agus scríobh Sarah Gordon agus Damian McCann é. Seo an chéad fhadscannán le comhlacht nua dátheangach, Púca Pictures.
Deir an stiúrthóir Damian McCann:
“Is mór an onóir dom go mbeidh an chéad taibhiú Eorpach d’Aontas os comhair lucht féachana sa bhaile. Tá ardmheas agam ar Fhéile Scannáin Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath le fada agus tá lúcháir orm go bhfuil muid roghnaithe mar chuid de chlár 2025. Tá muid ag dúil lena roinnt lenár bhfoireann agus cliar dhíograiseach, clann agus cairde.”
Rinneadh scannánú ar Aontas i mí Mhárta 2024 i nGleann Arma, Contae Aontroma, agus rinneadh iarléiriúchán air in Yellowmoon Post Production, Ard Mhic Nasca.
Beidh a première Eorpach ag an Phictiúrlann Light House, Baile Átha Cliath ar 22ú Feabhra 2025, tar éis an première domhanda ag Santa Barbara ar an 12ú Feabhra.
_____
Dublin International Film Festival announced the European premiere of Irish language heist thriller Aontas, directed by Damian McCann (Doineann) and starring Carrie Crowley (An Cailín Ciúin, Smother), Bríd Brennan (Shadow Dancer, Doineann) and Eva-Jane Gaffney (Kin, Harry Wild).
Aontas is funded by Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund, BBC Gaeilge and TG4, with support from Yellowmoon.
Three unlikely thieves, led by a woman on the verge of a breakdown, rob a rural Irish Credit Union. Opening in the tragic aftermath of the heist-gone-wrong, Aontas unfolds backwards, chapter by chapter to unravel the events that led to this point. What starts as a poorly executed robbery becomes a portrait of a wilful woman trapped in her own past.
Director Damian McCann says:
“I’m honoured that Aontas will have its European Premiere in front of a home audience. I’ve long been a fan of DIFF’s programming so I’m thrilled we’re part of the 2025 selection. It’ll be great to share the experience with some of our dedicated cast and crew, family and friends.”
Produced by Órfhlaith Ní Chearnaigh (Aonaracht) and Christopher Myers (Doineann), written by Sarah Gordon and Damian McCann, this is the first feature from new bilingual company Púca Pictures.
Aontas was filmed in March 2024 in Glenarm, County Antrim and edited in Yellowmoon Post Production, Holywood.
Aontas screens at DIFF on Saturday 22nd February at the Light House Cinema, following its World premiere at Santa Barbara International Film Festival, California on 12th February 2025.