Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

News & Events

Tús & Céim Eile 2024 Applications Open



Date Posted: June 18, 2024

Tús 2024

Short Film Script Initiative for New Writers & Creators from Ireland
(12 min maximum)

TG4 and Fís Éireann have come together with the Irish Language Broadcast Fund, following the success of the investment made in the Cine4 and TG4/Fís Éireann Television Drama Development scheme, to reach the next generation of talented writers.

The aim of this joint initiative, ‘Tús’, is to encourage, foster and promote new drama in Irish and to support various Irish speaking creative voices at an early stage of their careers, including a “Súil Eile” approach. Applicants must partner with an experienced production company as part of the submission with the capacity to bring the film to completion in both development and production stages.

It is hoped that these stories will have an impact on audiences both nationally in Ireland and also globally and will provide insight into new and diverse storytelling, new and diverse communities and contemporary society. The pre-scripted plays should be between 10 and 12 minutes.

Up to ten projects will be selected and will be awarded a development budget of €6,000 each, which will be shared with a script editor mentor during the development journey.

Up to three short-form scripts from the 10 shortlisted will be awarded €30,000 each to produce their film.

Céim Eile 2024

Half – Hour Short Film Script Initiative for New Writers & Creators from Ireland
(25 – 30 mins)

TG4 and Fís Éireann have come together with the Irish Language Broadcast Fund, following the success of the investment made in the Cine4 and TG4/Fís Éireann Television Drama Development scheme, to reach the next generation of talented writers.

The aim of this joint initiative, ‘Céim Eile’, is to encourage emerging Irish speaking talent. Fluent Irish speakers must be confirmed in project submissions. Applicants must partner with an experienced production company as part of the submission with the capacity to bring the film to completion in both development and production stages.

The stories should be diverse, innovative and ambitious and challenging in terms of content, style and approach.

Up to eight projects will be selected and will be awarded a development budget of €15,000 each which will be shared with a script editor mentor during the development journey.

Up to three projects will ultimately be selected for production with a budget of €100,000 each.

Find out more about both schemes here.

 

Scéimeanna ‘Tús’ & ‘Céim Eile’ 2024 oscailte anois

Tús 2024

Tionscnamh Scripteanna Gearrscannán do Scríbhneoirí agus Cruthaitheoirí Nua as Éirinn (12 nóiméad ar a mhéad)

Tá TG4 agus Fís Éireann i gcomhar leis an gCiste Craoltóireachta Gaeilge, i ndiaidh chomh maith is a d’éirigh leis an infheistíocht a rinneadh i scéim Forbartha Drámaíochta Teilifíse Cine4 agus TG4/Fís Éireann, chun glaoch a dhéanamh ar an gcéad ghlúin eile de scríbhneoirí cumasacha.

Is é aidhm an chomhthionscnaimh seo, ‘Tús’ ná drámaíocht nua i nGaeilge a spreagadh, a chothú agus a chur chun cinn agus chun tacú le guthanna éagsúla cruthaitheacha a bhfuil Gaeilge acu atá ag céim luath dá ngairmeacha, lena n-áirítear cur chuige “Súil Eile”.  Ní mór d’iarratasóirí dul i mbun comhpháirtíochta le comhlacht léiriúcháin a bhfuil taithí aige mar chuid den iarratas a bhfuil sé d’acmhainn acu an scannán a thabhairt chun críche sa chéim forbartha agus sa chéim léirithe araon.

Táthar ag súil go mbeidh tionchar ag na scéalta seo ar an lucht féachana náisiúnta anseo in Éirinn agus ar an lucht féachana domhanda araon agus go dtabharfaidh siad léargas ar scéalaíocht nua agus éagsúil, ar phobail nua agus éagsúil agus ar shochaí na linne.   Ba cheart do na drámaí a bhfuil scripteanna leo a bheith idir 10 agus 12 nóiméad ar fad.

Roghnófar suas le deichdtionscadal ar a mbronnfar buiséad forbartha €6,000 an ceann orthu agus roinnfear iad le heagarthóir scripte a dhéanfaidh meantóireacht orthu le linn na forbartha.

Bronnfar €30,000 an ceann ar suas le trí script gearrfhoirme as na deich gcinn a bheidh ar an ngearrliosta chun a scannán a léiriú.

 

Céim Eile 2024

Tionscnamh Scripteanna Gearrscannán leathuaire do Scríbhneoirí agus Cruthaitheoirí Nua as Éirinn (25–30 nóiméad)

Tá TG4 agus Fís Éireann i gcomhar leis an gCiste Craoltóireachta Gaeilge, i ndiaidh chomh maith is a d’éirigh leis an infheistíocht a rinneadh i scéim Forbartha Drámaíochta Teilifíse Cine4 agus TG4/Fís Éireann, chun glaoch a dhéanamh ar an gcéad ghlúin eile de scríbhneoirí cumasacha.

Is é is aidhm leis an tionscnamh i gcomhar ‘Céim Eile’ ná ugach a thabhairt do dhaoine cumasacha a bhfuil Gaeilge acu atá ag teacht chun cinn.  Ní mór cainteoirí líofa Gaeilge a dheimhniú in iarratais tionscadail.  Ní mór d’iarratasóirí dul i mbun comhpháirtíochta le comhlacht léiriúcháin a bhfuil taithí aige mar chuid den iarratas a bhfuil sé d’acmhainn acu an scannán a thabhairt chun críche sa chéim forbartha agus sa chéim léirithe araon.

Ba chóir do na scéalta a bheith éagsúil, nuálach, uaillmhianach agus dúshlánach i dtaobh ábhair, stíle agus cuir chuige.

Roghnófar suas le hocht dtionscadal ar a mbronnfar buiséad forbartha €15,000 an ceann orthu agus roinnfear iad le heagarthóir scripte a dhéanfaidh meantóireacht orthu le linn na forbartha.

Roghnófar trí thionscadal sa deireadh thiar le dul i mbun léirithe a mbeidh buiséad €100,000 an ceann i gceist leis.

Tá tuilleadh eolais ar na scéimeanna ar fáil  anseo

© 2024 Northern Ireland Screen. All Rights Reserved