ILBF 2011 Training Schemes Now Open

ILBF trainees

Scéimeanna Oiliúna

The Irish Language Broadcast Fund is seeking applications from fluent Irish speakers for two training schemes.

Tá an scéim d’Iontrálaithe Nua i Scileanna Léiriúcháin don teilifís dírithe ar dhaoine atá nua don earnáil.

Tá an scéim do Léiritheoirí faoi Oiliúint dírithe orthu siúd a bhfuil ar a laghad bliain de thaithí acu san earnáil léiriúcháin agus gur mian leo dul le léiriú nó stiúiriú físe.

I rith na scéimeanna lánaimseartha (Meán Fómhair 2011– Lúnasa 2012), beidh na hoiliúnaithe ag foghlaim na ceirde agus iad ar shocrúcháin le comhlachtaí léiriúcháin teilifíse agus le NvTv (an stáisiún áitiúil teilifíse i mBéal Feirste).

Caithfidh na hoiliúnaithe a bheith líofa sa Ghaeilge. Bheadh cáilíocht tríú leibhéal inmhianaithe go háirithe sna hábhair seo a leanas: na meáin chumarsáide, an Ghaeilge, cuntasaíocht, staidéar gnó, dlí.

Is féidir pacáiste iarratais a íoslódáil anseo:

Scéim d’Iontrálaithe Nua

Scéim do Léiritheoirí faoi Oiliúint

Chun eolais i bhformáidí eile d’fháil dean teagmháil le Brendan Hehir ar:
Scáileáin Thuaisceart Éireann, 21 Sráid Alfred, Béal Feirste BT2 8ED
Teil: 028 90 232444
Ríomhphost: Brendan@northernirelandscreen.co.uk

Spriocdháta: 5.00 Dé hAoine an 3iú Meitheamh

Ní ghlacfar le hiarratais dheireanacha

Is fostóir comhdheiseanna é Northern Ireland Screen
  • Partners
  • Partners
  • Partners