NEWS AND EVENTS

Show Advanced Search
From :
To :
Category :

Total Items:  

Sep
19
2012

Ceol ón Chlann – new ILBF musical documentary series

New Irish Language Broadcast Fund series Ceol ón Chlann explores six famous Irish families who have brought their music to the four corners of the world: the Keanes, the Blacks, the O Snodaigh’s, the McPeakes, the Pattersons and the Sands. Produced by Stirling Film and Television Productions Ceol ón Chlann begins this Sunday, 23rd September, at 10pm on TG4.

Ceol ón Chlann gives an insight into the musical journey that each family has taken and the influence that previous generations have had on their rich heritage. Narrated by Padraigín Ní Uallacháin, the stories are presented through rare footage from the archives of BBC, UTV and RTÉ and previously unseen private family footage.

Each programme contains exclusive interviews with family members including: Dolores and Séan Keane, Mary and Francis Black, Rónán, Colm and Rossa Ó Snodaigh, Francie McPeake III, Tommy Sands and Billy Patterson. Well-known journalists, musicians and broadcasters also offer unique perspectives throughout the series, which features: Liam Ó Maonlaí, Mary Bergin, Dónal Lunny, Áine Hensey, Colm Mac Con Iomaire, Lynette Fay, Séan Bán Breathnach, Neil Martin, Breanndán Ó Beaglaioch, Brian Mullen Robert McMillen and Dónal K O’Boyle.

This is a documentary series that offers a fresh insight into the heritage of various Irish musical families, their legacy and their continuing significance in modern Ireland’s musical tapestry.

Ceol ón Chlann Sundays at 10pm on TG4.


Ceol ón Chlann – sraith fáisnéise ceoil úr-nua de chuid an CCG

Amharcann sraith nua de chuid an Ciste Craoltóireachta Gaeilge, Ceol ón Chlann, ar shé theaghlach ceolmhar a bhfuil clú agus cáil bainte amach acu ar fud an domhain mar gheall ar a gcuid ceoil: muintir Keane, Black, Uí Shnodaigh, McPeake, Patterson agus Sands. Tá an clár léirithe ag Stirling Film and Television Productions Ltd. Tosóidh Ceol ón Chlann Dé Domhnaigh, 23ú Meán Fómhair ar 10in ar TG4.

Tugann Ceol ón Chlann léargas dúinn ar an aistear ceoil a bhí ag gach clann chomh maith leis an tionchar a d’imir oidhreacht cheoil a sinsir ar cheol s’acu féin. Is í Pádraigín Ní Ullacháin a chuireann guth leis an scéal seo a chuirtear i láthair trí mheán seanábhar físe a bailíodh i gcartlanna an BBC, UTV, agus RTÉ chomh maith le hábhar pearsanta físe na gclanna féin nach raibh feicthe roimhe seo.

Cuirtear baill éagsúla na dteaghlach faoi agallamh I ngach uile clár, le Dolores agus Seán Keane, Mary agus Francis Black, Rónán, Colm agus Rossa Ó Snodaigh, Francie McPeake III, Tommy Sands agus Billy Patterson ina measc. Faightear tuairimí ar leith ó iriseoirí, ó chraoltóirí agus ó cheoltóirí éagsúla le linn na sraithe, ina measc siúd, Liam Ó Maonlaí, Mary Bergin, Dónal Lunny, Áine Hensey, Colm Mac Con Iomaire, Lynette Fay, Séan Bán Breathnach, Neil Martin, Breanndán Ó Beaglaíoch, Robert McMillen, Brian Mullen agus Dónal K O’Boyle.

Sraith faisnéise í seo a thugann léargas úrnua ar shaol agus ar oidhreacht na gclanna ceolmhar éagsúla seo a bhfuil a rian le brath go láidir i saol ceoil an lae inniu.

Ceol ón Chlann, Gach Domhnach ar 10in ar TG4.

 


  • Partners
  • Partners
  • Partners